Barrscéalta

11:02 - 12:00 Luan-Aoine / Mon-Fri

Barrscéalta Dé Máirt 16 Iúil 2013

Éist anois

Barrscéalta

Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar Barrscéalta.

Éist anois

Séamus Ó Domhnaill

Ag caint ar an phlean atá ag Comhairle Condae Dhún na nGall roinnt tithe dá gcuid a dhíol.

Éist anois

Seosamh Ó Cuillinn

Ag caint ar an chonspóid atá le reachtáil an Vintage Rally i gCarraig Airt mar go ndeir an Roinn Comhshaoil go mbíonn an ócáid ar siúl i gceantar speisialta caomhnaithe nó ceantar SAC agus go bhfuil bláthanna áirithe agus féar áirithe i mbaol.

Éist anois

Séamus Ó Cearúil, Danny Ó Curreáin agus Fionnbar Ó Baoill.

Séamus agus Danny ó fhóchumann Ghaoth Dobhair atá cáilithe mar mhúinteoirí i mbun cainte faoin chinneadh atá déanta acu an tír a fhágáil le post a fháil. Fionnbar ó fhoireann bainistíochta Ghaoth Dobhair ag caint ar na himpleachtaí tromchúiseacha a bhéas ag imeacht na beirte seo ar an fhoireann.

Éist anois

Chraoibhín Aoibheann

Pacáiste ó oscailt oifigiúil an Chraoibhín Aoibheann ag Ionad Naomh Pádraig i nDobhar.

Éist anois

Séamus Mac Cionnaith.

Ag caint ar na deacrachtaí uilig a tharla sna sé condae ó Dé hAoine an 12ú Iúil.

Barrscéalta

Clár is deireanaí

Láithreoir / Presenter: Áine Ní Churráin
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin

Sceideal Féach sceideal