Barrscéalta

11:02 - 12:00 Luan-Aoine / Mon-Fri

Podchraoltaí

Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair

Hiudaí Mór Ó Fearraigh, i nGlaschú.

Ag caint ar an gcluiche a bheas idir Éireann agus Albain i gcluiche caillithe na hEorpa a bheas ar siúl ar an 14ú Samhain.

Séamus Woods, as Gort a' Choirce.

Ag caint ar Ethna Coyle as Gort a' Choirce a bhí gníomhach i gCumann na mBan sa gCondae seo 100 bliain ó shin.

Mícheál Mac Aoidh, Oifigeach Ealaíne Údarás na Gaeltachta.

Ag caint ar chúrsa i léiriúchán físeán dírithe ar ghrúpaí ealaíona Gaeltachta a bheas ar siúl ar an 25ú agus 26ú Samhain anseo i nGaoth Dobhair.

Éamonn Ó Cuív, Leascheannaire Fhianna Fáil agus Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

Ag caint ar tháillí uisce agus mná tigh Gaeltachta.

Barrscéalta: Dé hAoine 17ú Deireadh Fómhair 2014.

Éamon Ó Cuív & Piaras Ó Dochartaigh - táillí uisce: Micheál Mac Aoidh - cúrsa i léiriúchán físeán: Séamus Woods - Ethna Coyle: Hiúdaí Mór Ó Fearraigh - cluiche idir Éireann agus Albain: Séamus Mac Géidigh - cluichí deireadh seachtaine.

Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair

Jimmy Ó Dufaí, staraí.

Ag déanamh léirmheas ar thaispeántas ar an Chéad Chogadh Domhanda atá ar siúl in Iarsmalann an Chontae i Leitir Ceanainn faoi láthair.

An tSiúr Caitlín Nic Giolla Chomhail.

Bhí an tSiúr Caitlín sa mbaile ar saoire ón Ord na Colmánaigh i bPoblacht na nOileán Filipíneach agus rinne cur síos ar cé'n chaoi a bhfuil rudaí ó tharla an typhoon i mí na Samhna.

Pacáiste ó Chlub Caoga na Crannóige.

Club do dhaoine os cionn caoga bliain d'aois a thagann le chéile chuile Déardaoin i nGaoth Dobhair.

Méabh, urlabhraí GROW.

Tá Méabh ag obair le craobh áitiúil GROW, eagraíocht meabhairshláinte pobal.

Barrscéalta: Dé Máirt 14ú Deireadh Fómhair 2014.

Agallamh le urabhraí - Grow: An tSiúr Caitlín Nic Giolla Chomhail - sa mbaile as na Filipín: Pacáiste ó Club Caoga na Crannóige: Jimmy Ó Dufaí - Taispeántas an Chéad Chogadh Domhanda.

Dé Luain 13 Deireadh Fómhair

Barrscéalta: Dé Luain 13ú Deireadh Fómhair 2014.

Máire Uí Chonluan & Seán Ó Longáin - scéalta na seachtaine: Mícheál Mac Giolla Easpaig - Timpistí ar bhóithre Ghaoth Dobhair: Séamus Ó Domhnaill - Páirc Náisiúnta Ghleann Beatha: John Ó Cuirreáin - seisiún eolais dírithe ar ghrúpaí pobail atá chun iarratais a dheánamh ar dheontais .

Déardaoin 9 Deireadh Fómhair

Bartley Ó Braonáin, ó Theach Leo i Mín a Leice.

Clár faisnéise a thaifeadadh ag Cainéal a Seacht na hAstráile san teach tábhairne anocht.

Fionbar Ó Baoill, ó CeangalG.

Seimineár margaíochta ilteangach ar siúl acu i nGaoth Dobhair amárach.

Séamus Ó Gallchóir ó Choiste Oidhreachta Dhún na nGall.

Seimineár ar thithe thraidisiúnta a eagrú ag Oifig Oidhreachta Comhairle Contae Dhún na nGall.

Pacáiste ó chruinniú Grúpa Uisce Ghaoth Dobhair.

Pacáiste ó oíche eolais ar chaighdeán soláthair uisce i nGaoth Dobhair a d'eagraigh Grúpa Uisce Ghoath Dobhair aréir.

Barrscéalta: Déardaoin 9ú Deireadh Fómhair 2014.

Pacáiste ó Grúpa uisce Ghaoth Dobhair: Séamus Ó Gallchóir - seimineár ar thithe thraidisiúnta: Fionbar Ó Baoill - seimineár margaíochta ilteangach: Bartley Ó Braonáin - clár faisnéise: Marcus Mac Ruairí - Glór na Gael: Séamus Mac Ruairí - leasaithe ar an Acht Pleanála.

Dé Céadaoin 8 Deireadh Fómhair

Aodh Mac Giolla Bhríde, cathaoirleach Coiste Uisce Ghaoth Dobhair.

Cruinniu eolais acu anocht in Acadamh na hOllscolaíochta, maidir le cúrsaí uisce.

Michael Kavanagh ón eagraíocht Ren-Net.

Ag déanamh cur síos ar seó ar fhuinneamh in-athnuaite a bhéas ar siúl amárach.

Patsy Dan Mac Ruairí.

Tá Rí Thoraigh san iomaíocht do ghradam 'Barróige Crainn' atá a eagrú ag clár raidio John Murray.

Nora Flanagan, Oifigeach caidrimh poiblí seirbhís bád tarrthála Árainn Mhór.

Ag déanamh cur síos ar mar a rinneadh tarrtháil ar bhean ó Oileán Leathán maidin inniu.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 8ú Deireadh Fómhair 2014.

Nora Flanagan - tarrtháil ar bhear ó Oileán Leathán ar maidin: Patsy Dan Mac Ruairí - san iomaíocht do ghradam 'Barróige Crainn': Andy Caomhánach - cúrsaí ríomhaireacht: Michael Kavanagh - seó ar fhuinneamh in-athnuaite: Aodh Mac Giolla Bhríde - cruinniú eolais maidir le cúrsaí uisce: Dr. Tony Delap - mír leighis.

Dé Máirt 7 Deireadh Fómhair

Muiris Ó Gallchóir, oifigeach stáisiún le Stáisiún Dóiteáin Ghaoth Dobhair & Hugo Mac Laifeartaigh.

Ag tabhairt eolas maidir le sábháilteacht dóiteáin agus Hugo Mac Laifeartaigh ag glaoch le tuairisc ar thine in Óstán na trá sna Dúnaibh aréir.

Maighréad Ní Mhaoilchiaráin, úinéir Irish TV.

Shínigh an tÚdarás Craolacháin na hÉireann conradh inné le Irish TV, conradh a thugann aitheantas don tseirbhís TV mar chainéal idirnáisiúnta, an chéad stáisiún teilifíse in Éireann leis an ghradam nó stádas seo a fháil.

Barrscéalta: Dé Máirt 7ú Deireadh Fómhair 2014.

Maighréad Ní Mhaoilchiaráin - Irish TV: Muiris Ó Gallchóir - sábháilteacht dóiteáin: Antóin Delap - táillí uisce.

Dé Luain 6 Deireadh Fómhair

Barrscéalta: Dé Luain 6ú Deireadh Fómhair 2014.

Johnny Ó Colla & Caitlín Mhic Laifeartaigh - scéalta na seachtaine: Brian McEniff & John Joe Ó Dochartaigh - Jim McGuinness éirigh as a phost mar bhainisteoir: An tAth. Micheál Mac Cullough - bochtáin an Aetóip: Danny Browne - Goitsa ag fógairt go bhfuil an nuachtán le dúnadh.

Dé hAoine 3 Deireadh Fómhair

John Campbell ó fhoireann sacair Finn Harps.

Beidh Finn Harps ag imirt sna cluichí leath chraobh Corn FAI.

An Comhairleoir Contae, John Shéamuis Ó Fearraigh & An Comhairleoir Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig

Toghadh John Shéamuis ar Chomhairle Contae Dhún na nGall é 6 mhí ó shin agus chuir sé síos mar a shíleann sé faoi mhodh oibre na comhairle. Mícheál ag cur síos ar chruinniú a bhí i leitir Ceannainn aréir ag an bhrú ghrúpa 'Can't Pay Won't Pay'.

Caoimhín Mac Aodh,

Beidh deire seachtaine mór fidléireacht ar siúl sna Gleanntaí an deireadh seachtaine seo.

Maura Hickey, Oifigeach Caidreamh Tionscail an Iar Thuaiscirt le Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

Ag labhairt faoi go bhfuil gach ball foirne san Otharlann faoi bhrú agus go bhfuil cúrsaí ag éirigh níos measa.

Séamus Mac Cionnaith, ón Irish News.

Rinne tine damáiste ollmhór de halla leis an Ord Oráisteach i gconmhaí i gContae Dhún na nGall go moch ar maidin.

Barrscéalta: Dé hAoine 3ú Deireadh Fómhair 2014.

Séamus Mac Cionnaith - damáiste déanta de halla leis an Ord Oráisteach: Maura Hickey 0 Otharlann faoi bhrú: Caoimhín Mac Aoidh - Cairdeas na bhfidléirí: John Shéamuis Ó Fearraigh - Comhairle Condae Dhún na nGall: John Campbell - Corn FAI.

Déardaoin 2 Deireadh Fómhair

Réamonn Ó Ciaráin, Gael Linn agus Treas Ní Fhearraigh, múinteoir.

Ag cur síos ar an gearr chúrsa de chuid Gael Linn atá ar siúl i nGaoth Dobhair áit a bhfuil 70 scoláire ó Choláiste Mhuire ag freastal air.

Cathal Ó Gallchóir, bainisteoir Chomarchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Ag cur síos ar an folúntas atá acu do comhordaitheoir ceoil agus cultúir chun scoil cheoil na Crannóige a bhainistiú agus a fhorbairt.

Seánaí Ó Baoill, ó Aontas Feirmeoirí na hÉireann.

Ag cur síos ar an raic maidir leis na lochtanna móra a deir feirmeoirí sléibhe atá ar an scéim GLAS.

Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

Bhí sé ina raic nuair a tháinig sé chun solais nach mbeadh ar Airí Rialtais na táillí uisce a dhíol ar a dara teach cónaí.

Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair

An Comairleoir Contae Micheál Ó Coinn.

Seolfar scéim Pobal ar aire Mhín an Lábáin anocht.

Donall Ó Cuilinn.

Ag cur síos ar chruinniú a bhí ag toscaireacht ó Thráigh Achadh dá chorr i gCarraig Airt leis an Comhairle Contae maidir leis an chonspóid idir muintir na h-áite agus tógálaithe.

Séamus Bán Ó Gallchóir, as Dún Lúiche.

Ag labhairt faoin grúpscéim uisce príobháideach atá acu sa gceantar.

An Comhairleoir Contae, Séamus Ó Domhnaill.

Ag labhairt faoi go bhfuil sé socraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Comórtas Contae na mBailte Slachtmhara a bhunú ar iarratas uaidh.

Seán Micheál Ó Domhnaill, OCP Fhine Gael agus Johnny Ó Colla Cathaoirleach Craobh Ghaoth Dobhair.

Ag cur síos ar an chonspóid maidir leis an dóigh ar láimhseáladh cas John Mhic an Ultaigh.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 1ú Meán Fómhair 2014.

Seán Micheál Ó Domhnaill & Johnny Ó Colla - cás John Mhic an Ultaigh: Séamus Ó Domhnaill - Baillte Slachtmhara: Séamus Bán Ó Gallchóir - grúpscéim uisce: Donall Ó Cuilinn - conspóid idir muintir na h-áite agus tógálaithe: Andy Caomhánach - ríomhairí.

Dé Máirt 30 Meán Fómhair

Dominic Ó Brollacháin, ball den Chomhthionól Reachtach.

Ag cur síos ar thaisme bóthar a chonaic sé san Iúir maidin inniu áit a maraíodh beirt bean rialta agus ar a gortaíodh triúr bleachtaire ón PSNI.

Gerry Sona, saor iriseoir.

Tá sé beartaithe ag grúpaí pobail agus cumainn iascaireachta in Inis Eoghain a theacht le chéile le Iontaobhas Aibhneacha a bhunú don leithinis agus tá sraith imeachtaí a reáchtáil acu faoi láthair leis an pobal a chur ar an eolas faoin scéil.

Peadar Mac Muiris.

Ag cur síos ar an dá scór bliain atá caite aige ag plé le Coláiste Gaeilge Mhuire Loch an Iúir.

Lorcán Ó Cinnéide, Rúnaí Náisiúnta Comhlachas Lucht Próiseála & Easpórtála Éisc na hÉireann.

Tá imní mhór ar iascairí agus tháirgeoirí éisc sa chontae maidir leis na rialacha úra a bheas ag teacht i bhfeidhm ag an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara i ndiaidh na Nollag.

How to Get this Podcast

  1. Download and Install Podcast Software You will have to download and install software to be able to subscribe to podcasts, and download the latest shows. There are a number of freely downloadable programmes that allow you to access podcasts. Some of the most popular applications are iTunes, Juice and Doppler, for a list of more options go to www.podcastingnews.com. RTÉ is not resposible for the content of external websites or applications.
  2. Subscribe to this Podcast Copy the URL from below or from the address bar of this page and then insert it into your podcast software, look for an ADD or SUBSCRIBE option and follow the instructions. URL: Your software will automatically inform you of any new editions to the podcast without the need to subscribe again. If you have iTunes installed you can use this One Click Subscription.
  3. Listen to your podcast

    The podcast will be downloaded in mp3 format or mp4 if it's video, once the download is fully complete you can simply listen to or watch the programme on your computer, or transfer the file to a portable device (mp3 player, iPod etc) and listen to it at your convenience.

Barrscéalta

Clár is deireanaí

Láithreoir / Presenter: Michelle Nic Grianna
Léiritheoir / Producer: Colm Ó Dúlacháin

Sceideal Féach sceideal