An Nollaig ar RTÉ RnaG

An Nollaig ar RTÉ RnaG

Dé Domhnaigh 18/12

Siúlach Scéalach                                            8 pm

Ón gcartlann - mar a rinne daoine ceiliúradh ar shéasúr na Nollag agus na Bliana Úire i nGaeltachtaí na hÉireann, le béim ar leith ar na hoileáin Ghaeltachta Toraigh, Árainn Mhór, Oileáin Árann agus An Blascaod Mór. 

From the archives - Christmas and New Year seasons as celebrated in the Gaeltachtaí with particular emphasis on the Gaeltacht Islands of Tory, Arranmore, the Aran Islands and the Great Blasket Island. 

____________________________________________________


Dé Máirt 20/12

An Saol ó Dheas                                             12.10 pm

Beo ó Theach Tábhairne Uí Fhlaithbheartaigh sa Daingean inniu do chlár speisialta Nollag.  Beidh ceol beo, amhránaíocht agus damhsa acu dúinn, agus eolas faoi na margaí is fearr atá le fáil ar an mbaile do shiopadóireacht na Nollag. 

Live today from O’Flaherty’s Bar in An Daingean today for a special Christmas programme.  Tune in for live music, song, and dance, as well as the latest news on Christmas bargains to be found around the town.

_______________________________________________________

Dé Sathairn 24/12/2016


An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra                       10 am
Beidh painéal sa stiúideo ar maidin le Máirín Ní Ghadhra le súil a chaitheamh ar scéalta móra nuachta na bliana atá caite.   

Máirín Ní Ghadhra will be joined in studio today by a panel who will look back at the big news stories of the year 2016. 

Bláthnaid Libh                                                           11 am
Beidh Blathnaid ag craoladh beo ó Aerfort Bhaile Átha Cliath inniu, agus iad ag caint le cuid de na mílte daoine a bhíonn ag taisteal abhaile go hÉirinn don Nollaig.

Bláthnaid will be broadcasting live from Dublin Airport today, meeting some of the thousands of people who will be travelling home for Christmas.


An Nollaig mar a bhí                                                 6.30 pm
Is minic go gcloisimid go bhfuil an Nollag an-difriúil anois ná mar a bhíodh sé sna blianta atá caite.  Sa chlár seo inniu, cuirfidh Jeaic Ó Muircheartaigh míreanna i láthair ó Chartlann Bhóthar na Léinsí, ina ndéantar cur síos ar an Nollaig mar a bhí, na nósanna agus na traidisiúin a bhain leis. 

It is often said that modern day Christmas is a far cry from the celebrations that took place in the past.  Today, Jeaic Ó Muircheartaigh brings us recordings from the RnaG archives in Kerry describing Christmas as it was, and traditions and customs surrounding the festival.


_______________________________________________________________

Dé Domhnaigh 25/12

Réalta Órga Ríogacha                                                            10 am
Clár atá ag cur thar maoil le idir iomainn Nollag agus machnaimh shéasúrach, fite fuaite le briathra binne is cuimhní cinn le cuidiú leat breith ar an spioradáltacht agus an draíocht a bhaineann le Lá Nollag. 

Réalta Órga Ríogacha is a programme brimming with Christmas hymns and seasonal reflections, to help us get in touch with the spirituality and magic of Christmas. 


Buaiteoirí Oireachtas na Gaeilge 2016                    3 pm
Blaiseadh ó cheolchoirm bhuaiteoirí an Oireachtais a bhí ar siúl i Leitir Móir i mí na Samhna  ócáid sin, le hamhránaithe, ceoltóirí, lúibíní agus sceitse grinn. 

Highlights from the concert that took place in Leitir Móir in Connemara in November to celebrate those from the area who took home prizes from the Oireachtas festival in Killarney, with songs, music, sketches and more.


Beo le Bingo                                                               5 pm
Is beag Éireannach nár shuigh ar a laghad uair amháin i halla bingo, leoga, is dóigh gur caitheamh aimsire náisiúnta é a mheallann idir óg agus aosta.  Sa chlár seo, labhrann Padaí Ó Brolacháin a bhfuil daichead bliain caite aige ag eagrú bingo an Tearmainn agus Bhaile na nGallóglach. 

There must be very few Irish adults who have never sat in a bingo hall, indeed it’s a national pastime that draws young and old alike.  For this programme, Dónall speaks to Padaí Ó Brolacháin who has spent forty years organising the bingo in An Tearmann and Milford. 

Máirtín Thornton                                          8 pm
Clár speisialta faoin dornálaí trom-mheáchain Máirtín Thornton ón Spidéal, an Connemara Crusher, Seaimpín Trom-Mheáchain na hÉireann i 1943, a bheadh 100 bliain d’aois i mbliana dá mairfeadh sé.    

A special programme about Irish heavyweight boxer Máirtín Thornton from An Spidéal, who would have been 100 years of age this year had he lived.  Nicknamed the Connemara Crusher, he was Irish Heavyweight Boxing Champion in 1943. 

Tús an Phota                                                  9 pm
Clár faoi dhéanamh poitín i gConamara fadó.  Cloisfimid chuile ní faoi dhéanamh poitín, idir na daoine a bhíodh á dhéanamh agus an garda a bhíodh ag faire ar lucht déanta an phoitín.  Labhrann dochtúir agus banaltra agus iad ag cur síos ar an drochbhail a chonaic siad ar dhaoine de bharr poitín.   

Everything you ever needed to know about making poitín, or moonshine.   This programme from the archives describes how to make poitín, and we also hear anecdotes about the garda who used to keep a sharp eye for poitín-making, and a doctor and nurse describe the ill effects they have witnessed as a result of poitín.  



Cniotáil                                                           10 pm
Stair thionscal na cniotála in iarthar Dhún na nGall, áit  a meastar go raibh 20,000 ag cniotáil geansaithe Árannacha ina dtithe cónaithe i lár an chéid seo a chuaigh thart.  Insíonn mná as paróiste na Rosann in iarthar Dhún na nGall a scéalta pearsanta féin faoi cheann de na tionscal ba thábhachtaí a bhí sa cheantar. 

The history of the knitting industry in west Donegal.  It is estimated that 20,000 people in the county were involved in the industry in the last century, knitting Aran jumpers in their homes.  In this programme, women from the parish of Na Rosa in west Donegal tell their personal stories about one of the most important industries in the area. 

_______________________________________

Dé Luain 26/12

Rí an Oileáin
                                                               11 am
Labhrann Áine Ní Churráin le Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí, faoina shaol ar an oileán, a chuid ealaíne agus ceoil, agus a fheachtas leanúnach le saol níos fearr a bhaint amach do phobal an oileáin.

Today, Áine Ní Churráin interviews King of Tory Island, Patsy Dan Mac Ruairí about life on the island, his art and music, and his unending campaign to improve the lives of those living on Tory.



Éirinn is Alba                                                              7 pm
Coirm a craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy sa samhradh, ag rinne ceiliúradh ar cheol traidisiúnta na hÉireann agus na hAlban, agus an gaol atá idir an dá thraidisiún.  Ceol le Charlie Harris, Eamon agus Geraldine Cotter, Murdo MacDonald, Allan MacDonald, Trio Touldrouzig as an Bhriotáin, agus The Lisseycasey Set Dancers. 

A concert broadcast from the Willie Clancy Summer School in Miltown Malbay, Co. Clare earlier this year, celebrating the traditional music of Ireland and Scotland, and the relationship between the two traditions.  Musicians included Charlie Harris, Eamon and Geraldine Cotter, Murdo MacDonald, Allan MacDonald,  Breton musicians Trio Touldrouzig, and the Lisseycasey Set Dancers.



________________________________________________________

Dé Máirt 27/12

Cumann Chluain Ard                                                 11 am
Ba sa bhliain 1936 a bunaíodh Cumann Chluain Ard ar Bhóthar na bhFál in iarthar Bhéal Feirste.  Tá ‘an Cumann’ mar a bheirtear go geanúil ar an áit, 80 bliain ar an fhód i mbliana agus tá áras úrnua tógtha anois ag an choiste ar chostas €900,000.   Sa chlár seo labhrann Damien Ó Dónaill leo siúd a bhí ar thús cadhnaíochta sa chumann san am atá thart, atá páirteach ann san am i láthair, agus a bheas ag déanamh an eolais don áit sna blianta atá amach romhainn.

Cumann Chluain Ard on the Falls Road in Belfast was established in 1936.  ‘An Cumann’ as it is fondly known, was celebrating 80 years this year, where they have a brand new centre that cost €900,000.   In this programme, Damien Ó Dónaill talks to those who lead the organisation in the early years, and those still involved who are charged with continuing its development and success.


 

Sin an Saol                             2.15 pm
An tseachtain seo, cloisfimid roinnt cláracha ón tsraith Sin an Saol a craoladh sa samhradh.  Thaistil Dónall Mac Ruairí cnoc is gleann, agus trasna na dtonnta go deimhin, le bualadh le seanóirí Thír Chonaill don tsraith seo.  Sa chlár inniu,  cuirfidh cuid aíonna Dhónaill Mhic Ruairí iad féin in aithne dúinn, cé hiad go díreach, cárbh as dóibh agus céard iad na chéad cuimhní cinn a ritheann leo.

This week, we’ll get a second chance to hear some programmes from summer series Sin an Saol.  Dónall Mac Ruairí travelled mountain and glen in Co. Donegal, and indeed even crossed the seas, to meet elderly people throughout the Gaeltacht areas of the county for this series.  Today, we are introduced to the participants, who tell us who they are, where they’re from, and what their earliest memories are. 
 

Ceiliúradh Ceoil RnaG                       3 pm
Coirm cheoil mhór á bhí ar siúl in Óstán Lawlors i nDún Garbhán i mí Aibreáin ag Féile na Meán Ceilteach ar siúl.  I measc na gceoltóirí ar stáitse, bhí Danú le Nell Ní Chróinín, Cór Fear na nDéise, Nuadán, Clann Uí Mhainnín, John Dwyer agus Neill Byrne. 

A concert of excellent traditional and folk music held in Lawlors Hotel in Dungarvan, Co. Waterford, in April during the Celtic Media Festival.  Groups on stage include Danú with Nell Ní Chróinín, Cór Fear na nDéise, Nuadán, Clann Uí Mhainnín, John Dwyer and Neill Byrne. 


 

Ceolchoirm Ómóis Johnny Connolly                       7 pm
Ceolchoirm in onóir Johnny Connolly, an ceoltóir iomráiteach mileoidin as Inis Bearacháin ó dhúchas.  Orthu siúd a bhí páirteach bhí, Joe Burke, Máirtín O'Connor, Johnny Óg Connolly, Tommy Mellett, Steve Sweeney agus John Carty.

A concert in honour of the legendary melodeon player Johnny Connolly from Inis Bearacháin in Connemara.   Those on stage that night included Joe Burke, Máirtín O'Connor, Johnny Óg Connolly, Tommy Mellett, Steve Sweeney and John Carty.


 

________________________________________

Dé Céadaoin 28/12

An Chraobh ar an bhFál                    8 am
Ceiliúradh ar chuid den saibhreas atá fágtha le huachta ag Johnny Chóil Mhaidhc i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.  Cloisfimid filíocht agus drámaíocht uaidh ar an gclár seo inniu.  

Celebrating some of the riches from the Raidió na Gaeltachta archives left to us by renowned poet and dramatist Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha.

Fear as Dobhar                                   11 am
Cailleadh an ceoltóir iomráiteach Pádraig Ó Dúgáin ón ghrúpa Clannad i mbliana agus sa chlár seo caitheann Dónall Mac Ruairí súil siar ar a shaol, ar an méid a bhain sé amach, an tionchar a bhí aige ar an ghrúpa, agus an bhearna atá fágtha ag a bhás.

Pádraig Ó Dúgáin, the talented musician and member of Clannad, passed away during the year and in this programme, Dónall Mac Ruairí looks back at Pádraig’s life, what he achieved, his influence on Clannad, and the hole left by his death.


 

Clasaicigh Ceoil                                  1.30 pm
Beidh Sinéad Ní Uallacháin ar an aer gach iarnóin an tseachtain seo, le rogha beagáinín neamhghnách de chlasaicigh ceoil.

Sinéad Ní Uallacháin will be on air every afternoon this week with a selection of unusual classic hits.
 

Ceolchoirm an NYAH                         7 pm
Coirm cheoil an NYAH a bhí ar siúl i mbaile an Chabháin, áit ar bronnadh gradam speisialta ar an mboscadóir Jimmy McGreevy, as Ros Comáin ó dhúchas.  Ar chuid de na ceoltóirí eile ar stáitse a bheidh le cloisteáil againn, beidh Cein Sweeney, Gatehouse, Séamus Fay, The Cavan Bucks, Dan Gurney agus Dylan Foley.

A concert from the NYAH series in Cavan, where box player Jimmy McGreevy from Roscommon was presented with a special award.  Other musicians on stage that we will hear in tonight’s programme include Cein Sweeney, Gatehouse, Séamus Fay, The Cavan Bucks, Dan Gurney and Dylan Foley. 


 

_______________________________________

Déardaoin 29/12

Aisling Gheal                                                                          8 am
Múintear amhráin sean-nóis do leanaí óga Mhúscraí trí scéim Aisling Gheal a reáchtáiltear sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna.  Thug Helen Ní Shé cuairt ar chuid de na scoileanna sa cheantar, agus labhair sí le leanaí agus lucht teagaisc na n-amhrán faoi.  

Children in the Múscraí Gaeltacht in Cork are taught sean-nós singing through the aisling Gheal programme in national and secondary schools.  Helen Ní Shé visited some of those schools to speak to children and teachers about it.


                                               
Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair 1966-2016                                     11 am

Caitheann Aodh Máirtín Ó Fearraigh súil siar ar stair Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair, a bunaíodh i 1966 mar chomóradh 50 bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh takes a look at the history of the Gaoth Dobhair Industrial Estate, established in 1966 as part of the 50 year celebrations of the Easter Rising.



Sin an Saol                                         2 pm
Inniu, cúrsaí grá agus an ghruaim a chruthaíonn sé in amanna atá a phlé ag Dónall Mac Ruairí agus cuid seanóirí Thír Chonaill - an chéad phóg, an chéad ghrá geall a casadh orthu, an lá a phós siad agus neart eile.

Today, Dónall Mac Ruairí and his elderly guests will be discussing matters of the heart - first kisses, first loves, marriage, the end of relationships and more.

Ceolchoirm Fhéile James Morrison              3 pm
Cuirfidh Neansaí Ní Choisdealbha coirmcheoil inár láthair anocht a taifeadadh ag Féile James Morrison i mBaile Idir Dhá Abhann i gCo. Shligigh. 

Neansaí Ní Choisdealbha brings us a concert recorded live at the James Morrison Festival in Riverstown, Co. Sligo, earlier this year. 

_______________________________________                 

Dé hAoine 30/12

Oideas agus Oidhreacht                               
            8 am
Sa chlár seo ar maidin, cloisfimid agallaimh, scéalta agus amhráin a thaifead Proinsias Ó Conluain agus Seán Ó hEochaidh le muintir Thoraí i 1956.

This morning, we’ll hear interviews, stories and songs recorded by Proinsias Ó Conluain in Tory Island in 1956.


Mo Scéal                                                                     11 am
Inniu, labhrann Áine Ní Churráin le Pól Mac Giolla faoina shaol mar ghníomhaire  ceardchumainn, mar thaighdeoir Oideachais agus Sláinte, agus faoina chuid deacrachtaí sláinte agus é ag troid leis an ailse i láthair na huaire. 

Today, Áine Ní Churráin talks to Pól Mac Giolla about his life, his work as trade unionist, as an Education and Health researcher, and his health problems as he fights cancer. 
 

Sin an Saol                                                                         2.15 pm
Is ag caint ar an saol a bhí Dónall Mac Ruairí agus a chuid seanóirí go dtí seo sa tsraith seo, anuas ach inniu is ar dheartháir an tsaoil, an bás, a bheidh siad ag caint. Is téama é a chuireann éadóchas agus eagla orainn go minic, ach is cuid mhór den tsaol é agus ní thig gan tagairt a dhéanamh de.  Tá go leor den dream seo beagnach céad bliain d’aois agus tá an dearcadh atá acu fán bhás fíor spéisiúil.

Up until now, Dónall Mac Ruairí and his guests have been discussing different aspects of life, but today they turn to the inevitable, death.  It's a subject that's often avoided, but it's an important part of life and can't be ignored.  A lot of Dónall's guests are almost 100 years of age and they have a very interesting outlook on death.


Ceolchoirm Fhéile an NYAH              3 pm
Coirm cheoil an NYAH a bhí ar siúl i mBaile an Chabháin i mí Lúnasa, nuair a bronnadh an gradam ‘Jig of Life’ ar Darren Breslin, ceoltóir bosca as Co. Fhear Manach.  I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn, beidh Darren, Michael Curran, Christopher Maguire, John McCann agus Martin Donohoe.  Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh an clár i láthair.

Another concert in the NYAH series that took place in Cavan in August featuring great music and including the presentation of the ‘Jig of Life’ award to box player Darren Breslin from Fermanagh.  Musicians we will hear this evening include Darren Breslin, Michael Curran, Christopher Maguire, John McCann and Martin Donohoe.  Neansaí Ní Choisdealbha presents.
 

Onóir                                                                          7 pm
Ceolchoirm an-speisialta a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair, nuair a chuir Peadar Ó Riada a shaothar nua-chumtha Onóir i láthair an phobail den chéad uair.  Cumadh Peadar an saothar seo in ómós d’aisling laochra 1916.  Ar na ceoltóirí eile atá páirteach ann tá Téada, Mick O’Brien, Oisín Morrison, Cór Chúil Aodha agus Cór Ban Chúil Aodha.

The radio premiere of Peadar Ó Riada’s newest work, Onóir, inspired by the dreams of the 1916 leaders.


 

__________________________________________________________
Dé Sathairn 31/12


Ceolchoirm Raymond Roland                      10 am
Ceolchoirm a bhí ar siúl i dTeach Cecil Sharpe i Camden Town i Londain i mí an Mheithimh i gcuimhne ar an mboscadóir Raymond Roland a bhí 30 bliain básaithe i 2016.  Ina measc siúd a bhí páirteach bhí an grúpa Le Chéile, Annette Roland, Des O’Halloran, John Carty agus a iníon Maggie.

A concert held in June of this year in the home of Cecil Sharpe in Camden Town in London in memory of box player Raymond Roland, who passed away thirty years ago this year.  Those taking part included the group Le Chéile, Annette Roland, Des O’Halloran, John Carty and his daughter Maggie.
 

Slán le 2016                            9 pm
Is iad Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin a bheidh ar an stiúir don chlár seo anocht agus muid ag fágáil slán le 2016 agus ag cur fáilte roimh 2017.  Casfaidh siad cuid den cheol is fearr ó 2016 ar an gclár dúinn, agus beidh fáilte roimh iarratais.

Join Jó Ní Chéide and Josie Ó Cualáin tonight as we say goodbye to the old year and welcome 2017.  They will be taking a look back at the year that was and the great music it brought us, and will count us down to 2017.

____________________________________________

Dé Domhnaigh 1/1

Comhrá an Tráthnóna                      4 pm

Agallamh le hAodán Mac Gearailt, iar-imreoir sinsir Chiarraí agus príomhoide scoile i Meánscoil an Leith Triúigh i gCaisleán Ghriaire i gContae Chiarraí. 

An interview with Aodán Mac Gearailt, former Kerry Senior Footballer and school principal in Meánscoil an Leith Triúigh in Castlegregory, Co. Kerry. 

_____________________________________________

Dé Luain 2/1

Slán le Peil                                          11 am
Nuair a fuair Baile Átha Cliath an bhua ar Dhún na nGall i gCluiche Ceathrú Ceannais Peile na hÉireann i 2016, d’fhógair Eamon Mac Aoidh agus Colm Mac Pháidín go raibh siad ag éirí as an pheil idir chondae.  Sa chlár seo inniu, amharcann an tAthair Seán Ó Gallchóir siar ar bhuaicphointí na beirte sa pheil le cuidiú ó thráchtaireacht Shéamuis Mhic Géidigh, a cailleadh ar an 4 Iúil 2016.

Eamon McGee and Colm McFadden announced their retirement from intercounty football earlier this year after Donegal’s defeat to Dublin in the All-Ireland Quarter Final.  In this programme, Fr Seán Ó Gallchóir looks back at the careers of these two Donegal legends, illustrated by the commentary of Séamus Mac Géidigh, who passed away in July of this year. 



An Saol ó Dheas                                 12.08 pm
Inniu, cloisfimid blaiseadh de Choirm Ceoil na hÉigse a bhí ar siúl i gCúil Aodha mar chuid d’Éigse Dhiarmuidín i mí na Nollag.  Ceol le Muireann Nic Amhlaoibh, Liam O’Connor, Mick O’Connor, Mary MacNamara, Peadar Ó Riada, Cór Chúil Aodha agus neart eile.

Today, we’ll hear highlights of the Éigse Dhiarmuidín Gala Concert that took place in Múscraí in Cork in December.  Those on stage included Muireann Nic Amhlaoibh, Liam O’Connor, Mick O’Connor, Mary MacNamara, Peadar Ó Riada and Cór Chúil Aodha, to name but a few. 


 

Lorient 2016                                       5.04 pm
Tá Festival Interceltique Lorient ar siúl sa Bhriotáin gach samhradh ó 1971 i leith, áit a dtagann pobail na dtíortha Ceilteacha le chéile lena gcultúr a cheiliúradh.  I mbliana, tugadh cuireadh do Chearbhall Ó Síocháin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta chun na Briotáine don fhéile, agus seo scéal Lorient 2016.

The Festival Interceltique in Lorient, Brittany, started in 1971 and takes place every summer.  It brings together communities from different Celtic countries to celebrate their respective and shared cultures.  This year Cearbhall Ó Síocháin from RTÉ Raidió na Gaeltachta was invited to report from the festival.  In this programme, we will get to experience Lorient 2016 as he did.

_____________________________________________________

Dé Máirt 3/1

Glór na nÓg                                             11 am 
Cluin muid tuairimí mhuintir na Gaeltachta go mion is go minic, ach is annamh a chluintear guth ógbhaidh na háite.  Sa chlár seo, bhéarfaidh Damien Ó Dónaill ardán d'aos óg na Gaeltachta lena dtuairimí féin fán chontae agus fán fhís atá acu do Ghaeltacht Thír Chonaill sna blianta atá amach romhainn a ríomh agus a chur inár láthair go hionraic.  Is dream tábhachtach iad nó is iad todhchaí na Gaeltachta iad. 

Although we often hear opinions from people in the Gaeltacht, we hear less often from the younger members of the community.  In this programme, Damien Ó Dónaill offers some young people from the Donegal Gaeltacht a platform on which to air their thoughts about their home county, and their hopes for the Gaeltacht areas there in the years to come.  These young people are the future of the Gaeltacht and it’s important that they are given a voice. 


 

Beo

Scoth na hAoine

Scoth na hAoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Dónal Ó Buachalla.

Dónal Ó Buachalla.

 
Dónal Ó Céilleachair.

Dónal Ó Céilleachair.

 
Áine Ní Chiaráin.

Áine Ní Chiaráin.

 
Mícheal Ó hUanacháin.

Mícheal Ó hUanacháin.

 
Mícheal Ó Leidhin.

Mícheal Ó Leidhin.

 
Nuacht.

Nuacht.

 
Liam Mac a Mhaoir agus Dara O Cinnéide:Caid

Liam Mac a Mhaoir agus Dara O Cinnéide:Caid

 
Diarmaid O Cadhla;Cheart d'Eire an AE a fhágaint.

Diarmaid O Cadhla;Cheart d'Eire an AE a fhágaint.

 
Beitsí Ni Shuibhne;Dámhscoil Mhuscraí Ui Fhloinn.

Beitsí Ni Shuibhne;Dámhscoil Mhuscraí Ui Fhloinn.

 
Caithnia O Muircheartaigh;Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas Phríomhoidí.

Caithnia O Muircheartaigh;Uachtarán Chumann Náisiúnta na bPríomhoidí agus na Leas Phríomhoidí.

 
Máire Uí Laoire;Gan chomhacht i Ré na nDoirí

Máire Uí Laoire;Gan chomhacht i Ré na nDoirí

 
An Saol ó Dheas 20ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 20ú Deireadh Fómhair 2017

 
Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta.

Cormac Ó Murchú, saineolaí ar chúrsaí teicneolaíochta.

 
Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Fhéile Mara Chonamara.

Aingeal Ní Chonghaile, ó choiste Fhéile Mara Chonamara.

 
Caitríona Hastings, Údar.

Caitríona Hastings, Údar.

 
Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

Trevor Ó Clochartaigh, seanadóir.

 
Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

Peigí Uí Chéide, Bainisteoir Thearmann Éanna.

 
Fionnuala Uí Neachtain, léiritheoir an chláir Iris Aniar.

Fionnuala Uí Neachtain, léiritheoir an chláir Iris Aniar.

 
Ferdia Mc Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

Ferdia Mc Crann, Oifigeach Meitreolaíochta.

 
Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

Liam Ó Cuinneagáin, iar-chathaoirleach Údarás na Gaeltachta.

 
Christine Ní Mhóráin, Áisitheoir Mhol Teic an Daingin.

Christine Ní Mhóráin, Áisitheoir Mhol Teic an Daingin.

 
Tríona Mac Giolla Rí, Stiúrthóir an Chomhlachta Aró.

Tríona Mac Giolla Rí, Stiúrthóir an Chomhlachta Aró.

 
Donncha Mac Con Iomaire, iriseoir.

Donncha Mac Con Iomaire, iriseoir.

 
Tómas Mac Siomóin, tráchtaire ar ghnóthaí na Catalóine.

Tómas Mac Siomóin, tráchtaire ar ghnóthaí na Catalóine.

 
Micheál Ó Conchúir.

Micheál Ó Conchúir.

 
Pat the Cope Ó Gallchóir TD, Fianna Fáil.

Pat the Cope Ó Gallchóir TD, Fianna Fáil.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Scéalta Spóirt.

Scéalta Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Caitlín Ní Chonghaile, iníon Pheait Phádraig Tom Ó Conghaile.

Caitlín Ní Chonghaile, iníon Pheait Phádraig Tom Ó Conghaile.

 
Seán Ó Mainnín, dornálaí as Ros Muc agus Boston.

Seán Ó Mainnín, dornálaí as Ros Muc agus Boston.

 
Bairbre Ní Fhatharta, ó choiste tuismitheoirí Scoil Cholmcille, Ros a' Mhíl.

Bairbre Ní Fhatharta, ó choiste tuismitheoirí Scoil Cholmcille, Ros a' Mhíl.

 
Mír Spóirt.

Mír Spóirt.

 
Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ard Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

 
Malachi Ó Ruairc, tráchtaire sa mBruiséil.

Malachi Ó Ruairc, tráchtaire sa mBruiséil.

 
Cathal Ó Cuaig, tráchtaire i mBarcelona na Spáinne.

Cathal Ó Cuaig, tráchtaire i mBarcelona na Spáinne.

 
Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Comhfhreagraí Raidió na Gaeltachta i mBéal Feirste.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisaiúnta agus Gaeltachta.

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisaiúnta agus Gaeltachta.

 
Muiris O Fearghaíosa;Tithe tábhairne

Muiris O Fearghaíosa;Tithe tábhairne

 
Tomás Mac Gearailt;tinnte CA

Tomás Mac Gearailt;tinnte CA

 
Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne.

Cumann Rugbaí Chorca Dhuibhne.

 
Tomás Mac Ginneá;Deireadh seachtaine amhránaíocht Gary Mac Mathúna

Tomás Mac Ginneá;Deireadh seachtaine amhránaíocht Gary Mac Mathúna

 
An Saol ó Dheas 19ú Deireadh Fómhair 2017

An Saol ó Dheas 19ú Deireadh Fómhair 2017

 
Ailbhe Ó Monacháin TG4.

Ailbhe Ó Monacháin TG4.

 
Antóin De Blárach, as Dobhair.

Antóin De Blárach, as Dobhair.

 
Micheál  Tunney, duine de lucht eagraithe Gradaim Tipp O' Neill.

Micheál Tunney, duine de lucht eagraithe Gradaim Tipp O' Neill.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cheárta

An Cheárta

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís