Cúig ainmniúchán do RnaG ag Féile na Meán Ceilteach

Tá cúig ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ar na gearrliostaí d'Fhéile na Meán Ceilteach.

Tá Cormac Ó hEadhra ar an liosta do Láithreoir Raidió na Bliana; tá An Taobh Tuathail, le Cian Ó Cíobháin, ar an liosta do Chlár Ceoil na Bliana; tá Cuairt ar Ghaza le hEibhlín Ní Chonghaile san iomaíocht do Chlár Faisnéise na Bliana; tá Spórt an Luain, le Dara Ó Cinnéide, ar an liosta do Chlár Spóirt na Bliana; agus tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an ngearrliosta do Stáisiún Raidió na Bliana.

Fógrófar na buaiteoirí i St Ives sa Chorn ag an fhéile ag tús mhí Aibreáin.  
 

RTÉ Raidió na Gaeltachta has received five nominations on the shortlists at the Celtic Media Festival. 

Radio personality of the Year: Cormac Ó hEadhra
Music show: An Taobh Tuathail, presented by Cian Ó Cíobháin
Sports: Spórt an Luain, presented by Dara Ó Cinnéide
Documentary: Cuairt ar Ghaza, by Eibhlín Ní Chonghaile
Radio Station of the Year: RTÉ Raidió na Gaeltachta 

Winners will be announced at the festival in St Ives, Cornwall, in early April. 

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal