Gradam McNamee do RnaG

Bronnadh Gradam McNamee ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine.  Duais na Gaeilge 2013 a bhí ann, a bronnadh ar an stáisiún don chlár 'Spórt an Lae' a craoladh ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2013, i nGaeltacht na nDéise.

Bronnann Cumann Lúthchlas Gael duaiseanna McNamee mar aitheantas ar shár obair sna meáin chumarsáide.  Bhronn Uachtarán CLG Liam Ó Néill na duaiseanna i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn 8 Feabhra. 

"Tá moladh tuillte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta as freastal a dhéanamh ar lucht éisteachta na Gaeilge agus na gCluichí Gaelacha, i bhfad is i gcéin, le blianta fada.  San eagrán áirithe seo de Spórt an Lae a mhair sé uaire go leith, tugadh léargas faoi leith ar ócáid thábhachtach i bhféilire Chumann Lúthchleas Gael, Comórtas Peile na Gaeltachta.  Ar an gclár úd freisin, coinníodh an lucht éisteachta ar an eolas faoin méid a bhi ag titim amach in áiteacha eile ar fud na tíre sna comórtais idir-chontae agus i gcraobhacha na gclubanna."

Ghlac Antoine Ó Conghaile agus Jimmy Breslin leis an duais thar cionn Rannóg Spóirt RnaG.

RTÉ Raidió na Gaeltachta was awarded the Irish-Language Prize at the McNamee Awards at the weekend for their programme Spórt an Lae broadcast from Comórtas Peile na Gaeltachta.  

These Awards, the GAA National Communication and Media Awards, are presented annually in recognition of outstanding contributions made by individuals and Association units in the area of media and communications.

The awards were presented by Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael, Liam Ó Néill, at a function in Croke Park on Saturday, February 8th.

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal