Ráiteas ó Fhoras na Gaeilge

17 Eanáir d’fhógair Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, ré úr i bhforbairt na Gaeilge agus é ag fógairt ainmneacha na sé cheanneagraíocht atá roghnaithe le feidhmiú i sé mhór-réimse oibre. De réir an chinnidh sin déanfaidh gach ceann de na sé cheanneagraíocht sainchúram ar leith de cheann amháin de sé réimse leathana oibre ar bhonn uile-oileánda. Beidh na ceanneagraíochtaí ag plé leis na réimsí a leanas.


(i) Gaeloideachas/Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge (ii) Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit) (iii) Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile, (iv) Deiseanna a thacaíonn le hÚsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán (v) Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta (vi) Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga.

Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael, agus Cumann na bhFiann na ceanneagraíochtaí a bheidh ag feidhmiú leis na mór-réimsí oibre faoina gcúram a chur chun cinn ar fud an oileáin.

Is toradh é an cinneadh seo ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008, le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí Foras na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn bliantúil le tacú le forbairt na Gaeilge fud fad na hÉireann.

Rinneadh plé leathan oscailte go minic ar an phróiseas seo ó shin i leith ar na meáin chraolta agus sna meáin chlóite araon agus tá sé in am againn anois bogadh ar aghaidh.  Mar a dúirt Cathaoirleach Phainéal Roghnaithe Fhoras na Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin:

“Is minic a chantar an nath ‘ní neart go cur le chéile’ – agus tá Foras na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí le beart a dhéanamh de réir na mbriathra sin, le go mbeidh a oiread agus is féidir d’acmhainní na Gaeilge á ndíriú ar fhorbairt na Gaeilge sa phobal”.

Ó 17 Eanáir i leith bhí Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Leas-Phríomhfheimeannach Fhoras na Gaeilge agus Cathaoirleach an Choiste Roghnaithe faoi agallaimh ar an ábhar seo ar Drivetime BBC Raidió Uladh, ar  Newsline - BBC, ar Blas - BBC Raidió Uladh, ar Nuacht Tg4, ar Seacht Lá - TG4, ar Splanc - Newstalk, ar  Meon Eile, ar Nuacht a hAon - Raidió na Gaeltachta,  ar Rónán Beo - Raidió na Gaeltachta agus ar Cormac ag a Cúig - Raidió na Gaeltachta. Lena chois sin d’éist Foras na Gaeilge go cúramach le hurlabhraíthe éagsúla a léirigh  idir dhóchas agus imní ó shin i leith.

Anois agus an cinneadh cinúnach déanta, tá Foras na Gaeilge i gcomhar le páirtithe leasmhara ag tabhairt aghaidh dearfach ar na dushláin mhóra a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge fud fad an oileáin agus reáchtálfar cruinnithe ar an tseachtain seo chugainn agus ar aghaidh sna seachtainí ina dhiaidh sin leis na Ceanneagraíochtáí roghnaithe chun pleananna a réiteach agus leis na sonraí don Fhóram Comhpháirtíochta agus don Fhóram Forbartha Teanga a dheimhniú agus a dhaingniú. Ní dhéanfar an plé sin go poiblí ná ar chlár atá ag iarraidh aird a tharraingt ar chuid den phróiseas atá thart. Anois ag tús ré nua ní focail amháin atá ag teastáil uainn – ní leor na briathra gan beart dá réir.

“Aithníonn Foras na Gaeilge gur tréimhse chorrach a bheidh sna 5 mhí atá romhainn d’eagraíochtaí a dtiocfaidh deireadh lena maoiniú ó Fhoras na Gaeilge de bharr an chinnidh seo”, arsa Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh. “Agus déanfar gach iarracht a chinntiú nach mbeidh pobal na Gaeilge thíos leis na hathruithe ollmhóra seo, agus go leanfar den obair thábhachtach atá idir lámha ag na heagraíochtaí nár roghnaíodh.”

Tiocfaidh ceannasaithe na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe i gceann a chéile anois san Fhóram Comhpháirtíochta i gcuideachta le Foras na Gaeilge le comhaontú a dhéanamh ar phleananna oibre don earnáil, agus ar bhealaí le bheith ag obair i bpáirt le chéile. Chomh maith leis sin, bunófar Fóram Forbartha Teanga le guth a thabhairt do phobal na Gaeilge i bpleananna a bheidh á mbeartú agus le deis a thabhairt d’ionadaithe ó phobal na Gaeilge aiseolas a thabhairt.

Leis an chinneadh seo, tá Foras na Gaeilge ag cur tús le ré úr i bhforbairt na Gaeilge ag tráth atá cinniúnach agus an-dúshlánach i stair fhorbairt na teanga. Is é is mian le Foras na Gaeilge go bhféadfadh earnáil na Gaeilge aghaidh a thabhairt  go dearfach ar na dúshláin mhóra atá roimpi, agus ar na deiseanna iontacha atá ag eascairt ó dhea-thoil phobal na tíre thuaidh agus theas i leith na teanga, agus sin a dhéanamh ar bhealach dearfach dúthrachtach i spiorad na comhpháirtíochta.

Beidh buiséad suntasach ar fáil ó Fhoras na Gaeilge ag na ceanneagraíochtaí ar bhonn bliantúil le tabhairt faoina bpleananna oibre i gcomhar le chéile.

Arís eile gabhann Foras na Gaeilge buíochas leis na 19 n-eagraíocht uilig san earnáil as a dtiomantas don Ghaeilge le linn tréimhse a raibh idir easaontú agus éiginnte ag baint léi. Gabhann Foras na Gaeilge buíochas leis na heagraíochtaí a ghlac páirt sa phróiseas roghnaithe fosta as a ndúthracht agus iad á n-ullmhú féin dó.

Tá Foras na Gaeilge agus na sé cheanneagraíocht nua-roghnaithe ag iarraidh bheith ag obair i gcomhar leis na heagraíochtaí nár roghnaíodh anois lena chinntiú nach gcaillfear an saineolas luachmhar ná an taithí atá cruinnnithe sna heagraíochtaí sin thar na blianta.

De réir mar atá socraithe leanfar de bheith ag maoiniú na n-eagraíochtaí uilig go dtí an 30 Meitheamh 2014, agus tiocfaidh na socruithe úra i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal