An Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta


Beidh rogha breá cláracha le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi Nollaig, cláracha faisnéise, cláracha ceoil, agus súil siar na bliana ina measc.  Seo eolas faoi chuid de scothchláracha na Nollag.

There will be something for everyone on RTÉ Raidió na Gaeltachta over Christmas, and here are some of our highlights.

Dé Domhnaigh          22.12.2013

Siúlach Scéalach                              1.15 pm
Eagrán speisialta Nollag den chlár le seanchas saoithiúil faoin Teaghlach Naofa ó Mhicheál Ó Concheanainn ó Bhaile Chláir na Gaillimhe agus leagan annamh aige den ‘Cherry Tree Carol’ i nGaeilge.

A special Christmas edition of material from the RTÉ Radio archives, featuring a rare version in Irish of ‘The Cherry Tree Carol’.


Súil Siar Peile                                    2 pm
Súil siar ar an bhliain pheile.  Is iad Baile Átha Cliath a chroch leo Corn Mhic Uidhir i 2013, agus sa chlár seo breathnóidh meitheal spóirt Raidió na Gaeltachta siar ar an mbóthar fada a thaistil siad chun an corn a bhuachan don dara huair in imeacht trí bliana.

A panel of experts, as well as the RnaG sports team, will be in studio today to cast an eye over the footballing year that saw Dublin take home the Sam Maguire in 2013 for the second time in three years. 
 

Féasta Ceoil Iorras Aithnigh           7 pm
Coirmcheoil a reáchtáladh in Áras Shorcha Ní Ghuairim i gCarna mar cheiliúradh ar an Lá Náisiúnta Ceoil, Love: Live Music, ar 21 Meitheamh.  I measc na gceoltóirí, bhí Muintir Uí Iarnáin , Mícheál Ó Cuaig agus Johnny Mháirtín Learaí.

A live concert of the best in traditional music held in Connemara to celebrate National Music Day, Love:Live Music, on 21 June. 



 

___________________________________

Dé Luain                     23.12.2013

An Saol ó Dheas                               12.08 pm
Beidh neart duaiseanna don Nollaig le tabhairt amach ar an gclár inniu agus amárach, á chraoladh beo ó Stiúideo Bhaile na nGall.

There will be lots of prizes to be given away on the show today and tomorrow. 

___________________________________

Dé Máirt                     24.12.2013

Na Cumadóirí                                    1.30 pm
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge.  Inniu, agallamh le John Beag Ó Flatharta agus Ciarán Ó Fátharta.  

A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís starts today with an interview with John Beag Ó Flatharta and Ciarán Ó Fátharta.



Daidí na Nollag                                         5.20 pm
Sa chlár seo cloisfimid míreanna ó chuairteanna Dhaidí na Nollag ar Cheanncheathrú RnaG i gCasla le blianta anuas, agus cloisfimid freisin ó ghasúir faoin méid a bhfuil súil acu a fháil ón bhfear mór i mbliana.

In this programme we will hear clips from Santa's visits to RnaG HQ in Casla over the past few years.  We will also hear from children about what they hope to get this year from Santa. 
 

Ceolchoirm i gcuimhne ar Mhuiris Ó Rócháin     7 pm
Coirmcheoil Chuimhneacháin Mhuiris Uí Rócháin a taifeadadh i Rinn na Spáinneach i mí Eanáir.  I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil againn beidh Mick Mulcahy, Mick O’Brien, Séamus Begley, Oisín Mac Diarmada agus Johnny Connolly.

A concert in memory of Muiris Ó Rócháin recorded live in Co. Clare in January.  Those on stage included Mick Mulcahy, Mick O’Brien, Séamus Begley and Johnny Connolly.


Seoda Ceoil               11 pm
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas.  Inniu, cuirfear tús leis an tsraith le clár faoi ‘Ó Riada sa Gaiety’.

In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years.  The series starts today with ‘Ó Riada sa Gaiety’.

___________________________

Lá Nollag 25.12.2013

Focail na Nollag                                3pm
Beidh na saineolaithe focal Micí Mac Aoidh, Máire Feiritéar agus Toose Mac Gearailt sa stiúideo le Rónán inniu agus plé ar bun acu faoi fhocail agus nathanna a bhaineann leis an Nollaig.

Today, the word experts Micí Mac Aoidh, Máire Feiritéar and Toose Mac Gearailt will join Rónán in studio for a discussion about words and turns of phrase associated with Christmas.


 

Oratóir na Nollag                      4 pm
Oratóir na Nollag – Ceol ar snámh ón spéir anuas, an chéad oratóir Nollag a cumadh ariamh i nGaeilge, le Colm Ó Foghlú.  Scéal na Nollag, inste le ceol agus amhráin agus orthu siúd a bheidh le cloisteáil againn beidh an soprán Lynn Hillary, an fidléir Aoife Ní Bhriain, Niamh Ní Charra ar an gconsairtín agus Noreen O’Donoghue ar an gcruit, chomh maith leis an gcór New Dublin Voice.

The first Christmas Oratorio written in the Irish language, Oratóir na Nollag – Ceol ar snámh ón spéir anuas, composed by Colm Ó Foghlú.  Those performing include soprano Lynn Hillary, fiddler Aoife Ní Bhriain, Niamh Ní Charra on concertina and Noreen O’Donoghue on harp, as well as the New Dublin Voice choir.  
 

Triúr                                             5.20 pm
Ceolchoirm leis an ngrúpa Triúr – Caoimhín Ó Raghallaigh, Martin Hayes agus Peadar Ó Riada, a taifeadadh i Halla na Feothanaí i gCorca Dhuibhne roimh Nollaig.

A concert with the group Triúr - Caoimhín Ó Raghallaigh, Martin Hayes and Peadar Ó Riada, recorded in Halla na Feothanaí in West Kerry before Christmas.
 

Ceolchoirm Ros na Rún               7 pm
Ceolchoirm Nollag a reáchtáil aisteoirí agus criú an sobaldráma Ros na Rún in Ardeaglais San Nioclás i nGaillimh leis an aoi speisialta Brian Kennedy.   

A Christmas concert by actors and crew of TG4 soap Ros na Rún with special guest performance by Brian Kennedy recorded in the atmospheric surrounds of St. Nicholas’ Collegiate Church, Galway.


 

____________________________

Lá ‘le Stiofáin            26.12.2013

Bus Feda                                11 am
Is beag duine in iarthar na tíre nach bhfaca radharc ar Bus Feda ar bhóithre an iarthair ó Dhún na nGall go Gaillimh ó 1983.  Léiríonn an clár faisnéise seo tábhacht na seirbhíse do na mílte as Dún na nGall.

This is a documentary about Bus Feda – a family owned and managed coach company which has been plying the roads between Donegal and Galway since 1983.   
 

 
An Saol ó Dheas                   12.08 pm
Eagrán speisialta den Saol ó Dheas inniu, a taifeadadh i measc na n-imirceach i Londain i mí na Nollag.

A special edition of An Saol ó Dheas today, recorded in London with Irish emigrants earlier in December. 
 

Na Cumadóirí                                    1.30 pm
Sraith nua don Nollaig chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge.  Inniu, is Seán Ó hÉanaigh a bheidh faoi agallamh.  

A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters.  Today, we hear an interview with Seán Ó hÉanaigh.


Súil siar ar Fhleadh Cheoil na hÉireann    9 pm
Buaicphointí ón gcraoladh ó Fhleadh Cheoil na hÉireann i nDoire i mí Lúnasa. 
The highlights from our broadcasts from Fleadh Cheoil na hÉireann in Derry.
 

Seoda Ceoil                                       11 pm
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas.  Inniu, cloisfimid clár faoi ‘Skara Brae’.

In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years.  Today, we hear a programme about ‘Skara Brae’.


 
__________________________

Dé hAoine 27.12.2013

Freddie Fheargail                  11 am
Cailleadh Feardorcha Ó Colla, nó Freddie Fheargail mar ab fhearr aithne air, go tobann i mí Dheireadh Fómhair.  Bhí sé ar dhuine den chéad seachtar craoltóirí a thosaigh le Raidió na Gaeltachta i 1972.  Inniu, cloisfimid míreanna as cartlann Dhoirí Beaga a léiríonn an saibhreas a d’fhág Feardorcha Ó Colla.

Feardorcha Ó Colla, or Freddie Fheargail as he was known, one of the first seven broadcasters who started with Raidió na Gaeltachta in 1972, passed away suddenly in October.  Today, Séamus Mac Géidigh brings us some of the wonderful riches in the RnaG Donegal archives left to us by Feardorcha.


 

Na Cumadóirí                        1.30 pm
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge.  Inniu, is iad Gearóid Ó Murchú & Colm Mac Séalaigh ón ngrúpa Na Fíréin a bheidh faoi agallamh.

A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís.  Today, we hear an interview with Gearóid Ó Murchú & Colm Mac Séalaigh from Na Fíréin.
 

Ionad na nÉireannach i gCamden Town   2 pm
Sa chlár inniu labhrann Frances Nic Géadaigh leis an phobal Éireannach atá ar imirce i Londain agus a thagann le chéile san Ionad i Camden Town. 

In this programme today Frances Nic Géadaigh talks to members of the Irish community in London who come together on a regular basis in the London Irish Centre in Camden town. 
 

Seoda Ceoil                           11 pm  
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas.  Inniu, cloisfimid clár faoin albam ‘Clannad 2’.

In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years.  Today, we hear a programme about Clannad album ‘Clannad 2’.



________________________

Dé Sathairn 28.12.2013

Oireachtas 2013                    10 am
Súil siar ar bhuaicphointí Oireachtas na Samhna 2013 i gCill Airne.  Cloisfimid na comórtais sean-nóis, chomh maith le míreanna ó na cláracha Togha agus Rogha, Rónán Beo @3 agus An Saol ó Dheas.

Highlights from RnaG’s broadcasts from the Oireachtas festival in Killarney in early November, including the sean-nós competitions, and programmes Togha agus Rogha, Rónán Beo @3 and An Saol ó Dheas.


Na Cumadóirí                            1.20 pm
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge.  Inniu, cloisfimid agallamh le hEnda Reilly.  

A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís.  Today, we hear an interview with Enda Reilly. 


Súil Siar Iomána                                2 pm
Déanfaidh Seán Bán Breathnach, Cathal de Mórdha, Seán Ó hAillín, Cyril Lyons, Seánie Ó Gorman, Macdara Mac Donnacha agus Micheál Ó Grádaigh plé ar an bhliain iomána, faoi chathaoirleacht Mhíchíl Mhic Dhonnchadha.

Join Seán Bán Breathnach, Cathal de Mórdha, Seán Ó hAillín, Cyril Lyons, Seánie Ó Gorman, Macdara Mac Donnacha and Micheál Ó Grádaigh, under the chairmanship of Mícheál Mac Donnchadha, for a spirited discussion of the hurling year that was.
 

Seoda Ceoil                           11 pm
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas.  Inniu, cloisfimid clár faoin albam ‘I gCnoc na Graí’ le Noel Hill agus Tony Mac Mahon.

In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years.  Today, we hear a programme about ‘I gCnoc na Graí’ with Noel Hill and Tony MacMahon.
 

 
________________________

Dé Domhnaigh 29.12.2013

Cathair Dhoire                                   10.30 am
Ba í Cathair Dhoire cathair cultúrtha na Breataine do 2013 agus sa chlár seo cloisfimid cur síos ar Bhallaí Dhoire.  Cuireadh tús le tógáil Bhallaí Dhoire i 1613, tá siad mar eiseamláir de na ballaí is ársa san Eoraip le 24 gunna mór atá le feiceáil ansin go fóill. Siúlfaidh Áine Ní Churráin na ballaí stairiúla seo i gcuideachta na saineolaithe áitiúla Risteard Mac Gabhann, Pádraig Ó Mianáin agus Caoimhín Ó Peatáin.

Derry was the 2013 UK City of Culture, and in this programme today, Áine Ní Churráin will walk the historic city walls in the company of local experts Risteard Mac Gabhann, Pádraig Ó Mianáin and Caoimhín Ó Peatáin.    
 

Na Cumadóirí                                    1.15 pm
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge.  Inniu, cloisfimid agallamh le hOisín Walsh Peelo ón ngrúpa Mo Hat Mo Gheansaí.  

A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís.  Today, we hear an interview with Oisín Walsh Peelo from band Mo Hat Mo Gheansaí. 
 


Éigse Sheáin Bháin Mhic Menamin  2013  2 pm
Blaiseadh de shaibhreas litríochta cheantar Bhaile na Finne on 18ú hAois leis an Athair Pádraig Ó Baoill.  Tá cur síos sa léacht seo ar Shinéad Nic Mhongail, Tadhg Ó Tiomanaí, Dónal Mac Diarmada, Jimí O Cuinn, Peadar Bhreathnach & Madge Ní hEaráin. Léiriú: Séamus Mac Geidigh.

Today, we will hear a lecture by Fr Pádraig Ó Baoill about the rich literary heritage of the Baile na Finne area of Donegal.  Produced by Séamus Mac Géidigh
 

Siansa                                    7 pm
Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2013 – comórtas ceoil thraidisiúnta do dhaoine óga a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mí Aibreáin.

The Siansa Gael Linn final for young traditional music groups, recorded live in the National Concert Hall in April.


Seoda Ceoil                           11 pm
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas.  Inniu, cloisfimid clár faoin albam ‘Ainneoin na Stoirme’ le Téada.

In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years.  Today, we hear a programme about ‘Ainneoin na Stoirme’ by Téada.

_______________________

Dé Luain 30.12.2013

Súil siar ar 2013                    11 am
Inniu, déanfaidh painéal cainteoirí cur síos ar na scéalta móra a tharla i nDún na nGall i 2013.

Today, a panel looks back at the big news stories in Donegal in 2013.
 

Na Cumadóirí                                    1.30 pm
Sraith nua don Nollaig leis na deartháireacha Richie agus Breandán Ó hEaghra ón ngrúpa ceoil Rís faoi chumadóirí comhaimseartha na Gaeilge.  Inniu, cloisfimid agallamh le Tadhg Mac Dhonnagáin.  

A new series for Christmas about contemporary Irish-language songwriters, presented by brothers Richie and Breandán Ó hEaghra from the band Rís.   Today, we hear an interview with Tadhg Mac Dhonnagáin.
 

Agallaimh Bheirte & Lúibíní an Oireachtais 2013       2 pm
Súil siar ar chomórtais na lúibíní agus na n-agallamh beirte ag Oireachtas na Samhna 2013  i gCill Airne.  Aisling Ní Fhearraigh ag láithriú.

The first of two programmes featuring some of the best sketches and other stage performances from the Oireachtas festival 2013 in Killarney, Co. Kerry.  Presented by Aisling Ní Fhearraigh.
 

Seoda Ceoil                            11 pm
Sa tsraith nua seo beidh Fiachna Ó Braonáin ag caitheamh súil siar ar chuid de na ceirníní is tábhachtaí a chuir Gael Linn amach le 60 bliain anuas.  Inniu, cloisfimid clár faoin albam ‘Báidín Fheidhlimí – Gael Linn Singles from 1968-80’, a raibh Emmet Spiceland ar dhuine de na ceoltóirí a bhí le cloisteáil air.

In this new series presented by Fiachna Ó Braonáin over Christmas, he takes a look back at some of the most important recordings in the Gael Linn catalogue as the record label celebrates 60 years.  Today, we hear a programme about ‘Báidín Fheidhlimí – Gael Linn Singles from 1968-80’, which included artists such as Emmet Spiceland.
 
______________________

Dé Máirt 31.12.2013 

CLG Dhún na nGall 1963                 11 am
Ar an chlár inniu, déanfaidh an saineolaí peile an tAthair Seán Ó Gallchóir cur síos ar na himeachtaí ar fad a bhain le cúrsaí peile i nDún na nGall leathchéad bliain ó shin.

Football expert Fr Seán Ó Gallchóir will talk today about Donegal football in the year 1963.

Slán le 2013                                       9 pm
Ceol, comhrá, craic, súil siar ar 2013, agus súil chun cinn ar an bhliain atá amach romhainn, le Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin.

Music, chat, a look back at 2013, and a look ahead to 2014, as we ring in the new year, with Jó Ní Chéide and Josie Ó Cualáin.  

__________________________

Dé Céadaoin 1.1.2014

Máire Ní Bhraonáin              11 am
Inniu, cloisfimid an réalt domhanda as Dobhar, Máire Ní Bhraonáin ó Chlannad, ag cur síos ar a saol óna hóige i nDobhar go mórstáitsí an domhain, ó na hamanna is deacra ina saol go dtí na buaicphointí.

Today, we will hear an interview with the world renowned singer Moya Brennan, or Máire Ní Bhraonáin, from Clannad.  She describes for Dónall Mac Ruairí the rollercoaster journey of her life, from low points to high points, that brought her from Dobhar in the Donegal Gaeltacht, to the main stages of the world.

An Saol ó Dheas                   12.08 pm
Ar an gclár inniu cloisfimid roinnt ceoil ó Cheolchoirm Éigse Dhiarmuidín a bhí ar siúl i gCúil Aodha i gCorcaigh ag tús mhí na Nollag. 

On the programme today we will hear highlights from the Éigse Dhiarmuidín gala concert, held in Cúil Aodha in Cork in December as part of a festival to remember singer and broadcaster Diarmuidín Ó Súilleabháin. 
 

Na Cloigne Folmha               2 pm
Clár speisialta a craoladh le ceiliúradh a dhéanamh ar 40 bliain ó eisíodh an ceirnín ‘An Damhán Alla’ leis na Cloigne Folmha, le Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire agus John Beag Ó Flatharta sa stiúideo.

A special programme broadcast earlier this year to mark 40 years since the release of the record ‘An Damhán Alla’ by Connemara group Na Cloigne Folmha, with Máirtín Mac Donnchadha, Tomás Mac Con Iomaire and John Beag Ó Flatharta. 
 

Éirinn is Alba                           7 pm
Ceolchoirm a craoladh beo ó Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, sa samhradh a rinne ceiliúradh ar an dlúthcheangal idir Alba agus Scoil Samhraidh Willie Clancy.  I measc na gceoltóirí ar stáitse, bhí: Allan MacDonald, Grúpa John Kelly, Iain agus Mary MacGillivray, Seán Mac Craith, Therese McInerney agus a cairde, Aoife Ní Argáin agus go leor eile.

A concert recorded live at the Willie Clancy Summer School in Miltown Malbay, Co. Clare, celebrating the musical links between Ireland and the Willie Clancy Summer School, and Scotland.  Those on stage included Allan MacDonald, John Kelly and friends, Iain and Mary MacGillivray, Seán Mac Craith, Therese McInerney and friends, Aoife Ní Argáin and more.

____________________
 
Déardaoin 2.1.2014

Logainmneacha                    11 am
Déanfaidh Donnchadha Ó Baoill, as Rann na Feirste, ball den Choiste Logainmneacha, cur síos ar stair agus ar bhunús logainmneacha, an tábhacht a bhain leo i ngnáth shaol na ndaoine, i gcúrsaí cogaíocht agus mar a haistríodh iad go Béarla sa 17ú hAois.

In this programme Donnchadh Ó Baoill from Rann na Feirste, a member of the Placenames Committee, will describe for us the history of placenames, their origins, their importance in people’s everyday lives, and how they were translated to English in the 17th Century.

Mary Coughlan                     2 pm
Athchraoladh ar agallamh eisiach a rinne Aodh Máirtín Ó Fearraigh leis an Iar Thánaiste Máire Ní Chochlainn i mí na Nollag.  Seo an chéad agallamh fada a thug Máire Ní Chochlainn ó chaill sí a suíochán in olltoghchán na bliana 2011.

An interview with former Tánaiste Mary Coughlan.  This is the first interview Mary Coughlan gave since losing her seat in the General Election in 2011.  Presented and produced by Aodh Máirtín Ó Fearraigh. 
 

Comórtas na mBannaí Ceoil                       7 pm
Cloisfear ceol ó chomórtas na mbannaí ceoil ag Fleadh Cheoil na hÉireann i nDoire i mbliana, ar an gclár seo.  Neansaí Ní Choisdealbha ag léiriú.

Music from the céilí band competition at Fleadh Cheoil na hÉireann in Derry earlier this year, presented by Neansaí Ní Choisdealbha.
 
______________________

Dé hAoine 3.1.2014

Gradam Francie Mooney 11 am
Bronnadh Ghradam Francie Mooney ar Mháire Ní Bhraonáin ag Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy cúpla lá ó shin. Inniu, craolfar taifead den ócáid i nDobhar a raibh ceol agus amhránaíocht mar chuid de.

Moya Brennan was presented with Gradam Francie Mooney at the Frankie Kennedy Winter School a few days ago. Today, we will broadcast a recording of the event in Dobhar which included music and song.


Cois Mara Thoir sa Rinn      1.20 pm
Caith seal i dteannta mhuintir na Rinne sa chlár speisialta seo ar shaibhreas amhránaíochta, scéalaíochta agus ceoil an cheantair.  Orthu siúd a bheidh le cloisteáil againn, beidh Micil Tóibín, Seán Ó Cléirigh, Tadhg Condúin, Siobhán Tóibín (Hanny Terry), Peig Bn Uí Réagáin, agus Pádraig de Faoite.

Sorcha Ní Chéilleachair of Maoil an Choirne in An Rinn, brings listeners the best in music, song and stories from the Waterford Gaeltacht.  Featuring Micil Tóibín, Seán Ó Cléirigh, Tadhg Condúin, Siobhán Tóibín (Hanny Terry), Peig Bn Uí Réagáin, and Pádraig de Faoite.


Maidhc Dainín, Mo Bhealach Féin              2 pm
Sa chlár seo inniu cloisfear Maidhc Dainín Ó Sé, nach maireann, ag caint ar an gclár Mo Bhealach Féin le hAogán Ó Muircheartaigh, ó chartlann Bhóthar na Léinsí.

Today, we will hear an edition of the programme Mo Bhealach Féin from the archives, featuring an interview with Maidhc Dainín Ó Sé, author, musician and singer, who passed away in August.


 

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal