Sraith nua faoi chathair Dhoire - Cathair Chultúrtha 2013

Is í Cathair Dhoire cathair cultúrtha na Breataine do 2013. Mar pháirt den cheiliúradh craolfaidh muid ‘Cathair Dhoire’, sraith cláracha le hÁine Ní Churráin ar shaol na cathrach, ag tosú Dé Máirt 20 Lúnasa 13:32.

Cur síos ar bhallaí Dhoire a bheidh le cloisteáil sa chéad chlár.  Cuireadh tús le tógáil Bhallaí Dhoire i 1613, agus ghlac sé 5 bliana na ballaí le himlíne de 1.5 km a thógáil. Tá siad mar eiseamláir de na ballaí is ársa san Eoraip le 24 gunna mór atá le feiceáil ansin go fóill. Siúlfaidh Áine Ní Churráin na ballaí stairiúla seo i gcuideachta na saineolaithe áitiúla Risteard Mac Gabhann, Pádraig Ó Mianáin agus Caoimhín Ó Peatáin.

Clár ar dhroichid Dhoire a bheidh le cloisteáil ar 27 Lúnasa. Tá trí dhroichead a cheanglaíonn iarthar na cathrach agus Taobh an Uisce, agus cloisfimid faoi stair na ndroichead agus a dtionchar ar phobal Dhoire.

Ansin, beidh an tríú clár sa tsraith, an ceann deireanach, dírithe ar Chultúrlann Uí Chanáin. Lárionad don Ghaeilge, don chultúr, agus lárionad gnó atá sa Chultúrlann, croílár saol Gaelach na cathrach. Is í Áine Ní Churráin láithreoir agus léiritheoir na sraithe.

Fch lth idirlín / See webpage

Derry is the 2013 UK City of Culture, and to mark that we will be broadcasting a special series of 3 programmes about the city, ‘Cathair Dhoire’, starting Tuesday 20 August 13:32. 

In the first programme, Áine Ní Churráin will walk the historic city walls in the company of local experts Risteard Mac Gabhann, Pádraig Ó Mianáin and Caoimhín Ó Peatáin. The other two programmes in the series will focus respectively on the three bridges in Derry, and the Cultúrlann – centre of Irish-language life in the city.

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal