Sceideal an tSamhraidh 2013

Sceideal an tSamhraidh 2013

Tá tús curtha le sceideal an tsamhraidh ar RnaG. The summer schedule has kicked off on RnaG.

Tá tús curtha le sceideal an tsamhraidh anseo ar RnaG, agus ciallaíonn sé sin go mbeidh briseadh ag cuid de na gnáthchláracha, agus go mbeidh cúpla ceann nua ina n-áit as seo go Meán Fómhair.

Dé Sathairn seo chugainn, 8 Meitheamh, ag 11:00 cuirfear tús leis an tsraith nua Scléip - buaicphointí an chomórtas tallainne Scléip a reáchtálann Gaelscoileanna. Cúig chlár in iomlán a bheidh sa tsraith le Fiachna Ó Braonáin. Beidh an tsraith faoi cheol Dhún na nGall, Ón tSean Am Anall, le cloisteáil tráthnóna Dé Domhnaigh 18:30. Gach Luan beidh an tsraith Oidhreacht an Bhlascaoid le cloisteáil ag 13:32 – sraith léachtaí faoin mBlascaod, a tréigeadh 60 bliain ó shin i mbliana.

Gach maidin ó Luan go hAoine ag 10:15 beidh an clár ceoil Geantraí Cheoil le cloisteáil, agus gach iarnóin 14:00 beidh Binneas Béil le cloisteáil, le Dónall Mac Ruairí sa chathaoir do mhí an Mheithimh. Dé Máirt 13:32 beidh sraith nua faoin ról a bhí agus atá ag Abhainn na Bóinne i stair na tíre seo le cloisteáil, le hÉanna Ní Lamhna, Bruach na Bóinne. Dé Céadaoin 13:32 craolfar an tsraith Fuaim agus Focal – cláracha éagsúla a thugann léargas úrnua dúinn ar an saol comhaimseartha in Éirinn.

Dé Céadaoin ag 16:10, beidh Judy Meg Ní Chinnéide d’ár dtabhairt ar thuras ar eaglaisí agus ar phobail éagsúla chreidimh na tíre sa chlár Spioradáltacht ar Leith. Déardaoin 13:32, tabharfaidh Seán Ó Tuairisg siar ar bhóithrín na smaointe muid leis an gclár Cuimhní Cinn – agallaimh le daoine éagsúla as Conamara, cuid mhaith acu atá anois ar shlí na fírinne. Ag 16:10 gach Déardaoin, beidh Pádraig Ó Sé i mbun comhrá le haoi na seachtaine ar Comhrá an Tráthnóna. Dé hAoine ansin 13:32 craolfar an clár An bhfuil sé seo agaibhse? – cur síos ar nósmhaireacht agus traidisiúin sna Gaeltachtaí éagsúla sa tír. Níos deireanaí, beidh an clár Tráthnóna Dé hAoine le cloisteáil – clár ceoil agus cainte.

Do lucht an spóirt, coinnígí cluas le RnaG gach deireadh seachtaine do chlúdach cuimsitheach – tráchtaireacht, agallaimh, tuairiscí, anailís – ar imeachtaí spóirt. Cuirfear dhá chlár nua spóirt leis an sceideal don samhradh – Reacaireacht an Tráthnóna Dé Sathairn 18:30, agus Spórt an Luain Dé Luain 17:05 le Dara Ó Cinnéide ó dheireadh mhí an Mheithimh.

Beidh Iris Aniar fós ar an aer, ach beidh láithreoir difriúil ann, agus is uair an chloig a bheidh an clár. Is í Michelle Nic Grianna a bheidh sa chathaoir do Barrscéalta an tsamhraidh. Leagan ciorraithe de Nuacht a hAon a bheidh againn, freisin, leis na scéalta náisiúnta, Idirnáisiúnta agus áitiúla 13:00 - 13:30. Ní bheidh Cormac ag a Cúig ar an aer ó mhí Iúil go Meán Fómhair, is Údar Cainte a thiocfaidh ina áit.

Tá súil againn go bhfanfaidh an ghrian amuigh anois don samhradh, agus fillfidh na gnáthchláracha arís i mí Mheán Fómhair.

___________________________________________

The summer schedule has kicked off, and from now until September some of our usual programmes take a break, and listeners have a chance to hear some new series for the summer months.

Beo

An Taobh Tuathail

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth an Luain

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nell Ní Chróinín agus Tomás Ó Sé; ceol agus rince.

Nell Ní Chróinín agus Tomás Ó Sé; ceol agus rince.

 
Mícheál Ó Muircheartaigh, Cluichí Lúthchleas Gael.

Mícheál Ó Muircheartaigh, Cluichí Lúthchleas Gael.

 
Breandán Ó Ruairc, Capaill.

Breandán Ó Ruairc, Capaill.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 25 Iúil 2016.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 25 Iúil 2016.

 
Liam Ó Cuinneagáin.

Liam Ó Cuinneagáin.

 
Pat Cope O Gallchóir TD.

Pat Cope O Gallchóir TD.

 
Sonia Nic Giolla Easbuig.

Sonia Nic Giolla Easbuig.

 
Hughie Rua O Gallchóir.

Hughie Rua O Gallchóir.

 
Fergal Ó Tréinfhir agus Barney O Gallchóir.

Fergal Ó Tréinfhir agus Barney O Gallchóir.

 
An tAthair Eddie O Gallchóir:..Sagart Paróiste Chill Chártha.

An tAthair Eddie O Gallchóir:..Sagart Paróiste Chill Chártha.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 25/07/16.

Barrscéalta, Clár iomlán, 25/07/16.

 
Séamus Mac Ruaraí.

Séamus Mac Ruaraí.

 
Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir.

Gearóid Ó Muilleoir, iriseoir.

 
An t-abhchóide, Conchubhar Ó Briain.

An t-abhchóide, Conchubhar Ó Briain.

 
Pádraig Ó Dochartaigh.

Pádraig Ó Dochartaigh.

 
Paul Gill.

Paul Gill.

 
Des O' Grady, Comhairleoir Condae.

Des O' Grady, Comhairleoir Condae.

 
Niall Ó Muilleoir.

Niall Ó Muilleoir.

 
Tuairisc Spóirt.

Tuairisc Spóirt.

 
Tuairisc na Nuachtáin.

Tuairisc na Nuachtáin.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Sinéad Ní Uallacháin, Banríon na Siamsaíochta.

Sinéad Ní Uallacháin, Banríon na Siamsaíochta.

 
Cuán Ó Flatharta.

Cuán Ó Flatharta.

 
Eoin Ó Catháin

Eoin Ó Catháin

 
Gearóid Ó Ciaráin, Príomhoide Choláiste Ráithín.

Gearóid Ó Ciaráin, Príomhoide Choláiste Ráithín.

 
Ciarán Ó Feinneadha, comhairleoir cánach.

Ciarán Ó Feinneadha, comhairleoir cánach.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta.

 
Údar Cainte, Dé hAoine 22 Iúil 2016.

Údar Cainte, Dé hAoine 22 Iúil 2016.

 
Jeaicí O Muircheartaigh; Comhdháil na nGearaltach

Jeaicí O Muircheartaigh; Comhdháil na nGearaltach

 
Fearghus O Conchúir; Rínce ar thráigh na Beannaí amáireach

Fearghus O Conchúir; Rínce ar thráigh na Beannaí amáireach

 
Micheal O Dubhda,Bríd Ni Mhóráin; Turasóireacht

Micheal O Dubhda,Bríd Ni Mhóráin; Turasóireacht

 
Gary O Laoí; Cluichí Oilimpeacha

Gary O Laoí; Cluichí Oilimpeacha

 
An Saol ó Dheas 22/7/2016

An Saol ó Dheas 22/7/2016

 
Hugo Mac Laifeartaigh, as na Dúnaibh.

Hugo Mac Laifeartaigh, as na Dúnaibh.

 
Liam O Flannagáin, ó  Comhairle na Gaelscolaíochta.

Liam O Flannagáin, ó Comhairle na Gaelscolaíochta.

 
Caitlín Uí Dhuibhir agus Cathal Ó Curráin ón Chrann Óg.

Caitlín Uí Dhuibhir agus Cathal Ó Curráin ón Chrann Óg.

 
Cordelia Nic Fhearraigh, as Gort a ‘Choirce.

Cordelia Nic Fhearraigh, as Gort a ‘Choirce.

 
Aodh Máirtín O Fearraigh, RTÉ RnaG.

Aodh Máirtín O Fearraigh, RTÉ RnaG.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22/07/16.

Barrscéalta, Clár iomlán, 22/07/16.

 
An Saol ó Dheas 21/7/2016

An Saol ó Dheas 21/7/2016

 
Máire Nic Fhearraigh agus Deirdre Brennan ó thogra ealaíne  an Chosán Glas.

Máire Nic Fhearraigh agus Deirdre Brennan ó thogra ealaíne an Chosán Glas.

 
Síle Uí Ghallchóir, ó Fhéile Ghabhla.

Síle Uí Ghallchóir, ó Fhéile Ghabhla.

 
Marie Nic Suibhne, as Bothar na Trá, An Bun Beag.

Marie Nic Suibhne, as Bothar na Trá, An Bun Beag.

 
Michelle Nic Pháidín ón Donegal Democrat.

Michelle Nic Pháidín ón Donegal Democrat.

 
Battscéalta, Clár iomlán, 21/07/16.

Battscéalta, Clár iomlán, 21/07/16.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Údar Cainte

Údar Cainte

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Scéal Aniar

Scéal Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís