Craobhacha Peile agus Iomána 2013 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Sheol RTÉ Raidió na Gaeltachta a gclúdach do Chraobhacha Peile agus Iomána 2013 ar an stáisiún i bPáirc an Chrócaigh inniu. Tá na cearta ag an stáisiún ar iomlán na gcluichí sa dá chraobh, rud nach bhfuil ag aon eagraíocht eile sa tír.

Tá súil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta suas le 40 cluiche peile, agus breis agus 20 cluiche iománaíochta a chlúdach, le tráchtaireacht bheo, tuairiscí agus anailís le cloisteáil ar chláracha spóirt na seirbhíse.

Beidh 12 uair an chloig de spóirt le cloisteáil ó Shatharn go Luan i sceideal an tsamhraidh ar Raidió na Gaeltachta, agus iar-pheileadóir Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, sa chathaoir do Spórt an Luain.

Beidh anailís ar na cluichí le cloisteáil ó imreoirí, iar-imreoirí, ó bhainisteoirí agus ó iar-bhainisteoirí ar na cláracha spóirt.

Dúirt Liam Ó Néill, Uachtarán CLG:
“Cuireadh tús le Craobhacha 2013 an deireadh seachtaine seo caite agus táimid go léir ag súil go mór leis an aicsean sna seachtainí amach romhainn. Ní bhfaighidh lucht leanta na gcluichí Gaelacha clúdach níos cuimsithí ar chluichí iomána agus peile na craoibhe ná mar a bhfaighidh siad ar Raidió na Gaeltachta, agus bíonn súil ghéar á coinneáil ar chúrsaí CLG idir na cluichí freisin. Guím gach rath orthu d’fheachtas 2013, agus beidh mé ag súil go mór leis an gcraoladh, an tráchtaireacht agus an anailís idir seo agus na cluichí ceannais i mí Mheán Fómhair.”

Ar na cláracha a bheidh i sceideal spóirt Raidió na Gaeltachta sa samhradh, beidh Spórt an tSathairn le Seán Bán Breathnach ag 2pm Dé Sathairn agus Reacaireacht an Tráthnóna ag 6.30 pm le cluichí tráthnóna a chlúdach. Dé Domhnaigh, cuirfidh Mícheál Mac Donnchadha Spórt an Lae i láthair ag 2 pm, agus beidh tuairiscí ar thorthaí an lae le fáil ar Spórt an Domhnaigh ag 7pm. Beidh Spórt an Luain le Dara Ó Cinnéide le cloisteáil ag 5pm Dé Luain.

____________________________________

RTÉ Raidió na Gaeltachta today launched its 2013 Championship coverage in Croke Park. The station enjoys full broadcast rights for all the matches in both football and hurling championships, an unrivalled position in the Irish media.

RTÉ Raidió na Gaeltachta announced that it intends to broadcast up to 40 football matches, and more than 20 hurling games, with live commentary, reporting and analysis across its sports programmes.

The station's sports schedule for the summer season into September includes 12 hours of sports programmes from Saturday to Monday, and will be enhanced by Monday sports programme Spórt an Luain presented by former Kerry intercounty footballer Dara Ó Cinnéide.

Analysts who will feature on programmes will include players, former players, managers and former managers.

Liam Ó Néill, GAA President, said:
"Both of this year's championships commenced last weekend and we are looking forward to action in the coming weeks which will come thick and fast. On no medium will followers of Gaelic Games get more live coverage of football and hurling than on Raidió na Gaeltachta and their coverage between the games covers every aspect of our activities too. I wish them well with their 2013 campaign and especially look forward to listening to their broadcasters and commentators, and of course their analysts, between now and the All-Ireland finals in September."
 

RTÉ Raidió na Gaeltachta’s sports schedule includes Spórt an tSathairn at 2pm on Saturdays, presented by Seán Bán Breathnach, and Reacaireacht an Tráthnóna at 6.30pm for evening fixtures. On Sundays, Spórt an Lae is presented by Mícheál Mac Donnchadha at 2 pm, and a roundup of results can be heard in Spórt an Domhnaigh at 7 pm. On Monday, Spórt an Luain will be presented by Dara Ó Cinnéide at 5 pm.

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal