Gradam do Láithreoir na Bliana d' Eibhlín Ní Chonghaile ag Féile

Tá an duais do Láithreoir na Bliana ag Féile na Meán Ceilteach buaite ag Eibhlín Ní Chonghaile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuireann Eibhlín an clár Iris Aniar i láthair ag 9.10 am ó Luan go hAoine, clár irise a chlúdaíonn réimse leathan scéalta, idir throm agus éadrom, ó scéalta polaitiúla go siamsaíocht agus scéalta pobail.

As Doire Né i gCasla d’Eibhlín agus tá sí ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó bhí 2006 ann. Sular tháinig sí ag obair le Raidió na Gaeltachta, chaith Eibhlín sealanna ag obair le Sky News Ireland, le Nuacht RTÉ agus le TG4.

Dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
Is iriseoir den chéad scoth í Eibhlín Ní Chonghaile, ach ní hamháin sin, is láithreoir cumasach í fosta. Tá sí in ann cathaoirleacht a dhéanamh ar dhíospóireacht pholaitiúil, agus scéalta pearsanta agus míreanna siamsaíochta a chur i láthair chomh maith céanna. Tréaslaím an gradam seo léi, tá sé tuillte go maith aici.

Fuair an clár faisnéise a rinne Mairéad Uí Chuaig, Ó Aird an Chaisleáin go Seattle, faoi shaol an amhránaí sean-nóis Joe Éinniú ardmholadh sa rannóg do chláracha faisnéise. 

Bhí an Fhéile ar siúl i Swansea na Breataine Bige ó 24- 26 Aibreán.

__________________________

Eibhlín Ní Chonghaile has been named Radio Presenter of the Year at the Celtic Media Festival.

Eibhlín, who presents the two hour magazine programme Iris Aniar on RTÉ Raidió na Gaeltachta Monday to Friday 9.10 am, a magazine programme focused on the west of Ireland that deals with a wide variety of topics, from current affairs driven items to lighter entertainment and lifestyle features.

Edel Ní Chuireáin, Ceannaire (Head of Station) said:
Not only is Eibhlín Ní Chonghaile an excellent journalist, she is also a talented presenter who can move with ease from a heated political debate to a sensitive personal interview to lighter entertainment stories. I’d like to congratulate her on this award – a fitting recognition of that talent, and well-deserved.

Documentary programme Ó Aird an Chaisleáin go Seattle by Mairéad Uí Chuaig about the life of well-known sean-nós and folk singer Joe Éinniú, also received high praise in the documentary category.

The Celtic Media Festival  took place in Swansea, Wales, from 24–26 April.

Scéal is mó Suim

Nua ar Líne

Sceideal Féach sceideal