Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Céadaoin 14 Bealtaine 2014

Éist anois

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Peigí Ní Chonghaile, riarthóir an Phléaráca.

Beidh Féile Phléaráca 2014 ar siúl i Ros a' Mhíl an deire seachtaine seo. Beidh Gradam féile an Phléaráca dhá bhronnadh oíche Dé hAoine, Tigh Pheadair Mhóir ar an mBantrac.

Éist anois

Gerald Tom O'Donnell, Michael Phatch Breathnach, nach maireann agus Tom Bhill Ó Céide, nach maireann.

Mír na Cartlainne - Gerald Tom O'Donnell ag casadh amhrán Chladhnach.

Michael Phatch ag inseacht roinnt scéalta agus d'aithris sé an dán "Adhna Bheag Bhán Deas" a chum sé fhéin.

Chas Tom Bhill an t-amhrán "Till I O" chomh maith leis an bpíosa ceoil "Miss McCleod".

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal