Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Máirt 25 Márta 2014

Éist anois

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Antaine Ó Faracháin, ó shean-nós Cois Life.

Beidh Féile Sean-Nós Cois Life ar siúl i mBaile Átha Cliath ón 4ú go dtí 6ú Aibreán. Bronnfar gradam shean-nós Cois Life ar Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha as ucht an saibhriú atá déanta aige ar an amhránaíocht dhúchasach thar na mblianta.

Éist anois

Mary O'Toole, as Cill Chiaráin.

Beidh maidin caifé ar siúl Tigh Chadhain i gCill Chiaráin, Dé hAoine seo chugainn, lá Lus an Chomchinn tosú ag 9.30.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal