Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Céadaoin 5 Márta 2014

Éist anois

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.
Éist anois

Laura Ní Fhearsaithe, as Teach Meallóg.

Ag labhairt ar an scannán atá dhá dhéanamh i gceantar Chonamara faoi láthair. Tá aisteoirí ón sraith 'Love Hate agus The Savage Eye sa scannán seo. Tá an faoi fhear óg atá ina chónaí i gConamara.
Éist anois

Peadar Lamb, scríbhneoir agus aisteoir.

Ag cur síos ar an méid a bhí sa leabhar " Cois Fharraige le mo Linn" le Seán Ó Conghaile faoi mianach a tháinig i dtír sa Lochán Beag sa mbliain 1917 agus a mharaigh naonúr fear.
Éist anois

Mír na Cartlainne.

Tom Phaddy Mac Diarmada, Bid Bheartla Uí Chualáin, nach maireann agus Cóil Learaí Ó Féinneadha - Cur síos ar an mianach a phléasc ar an Lochán Beag agus a mharaigh naonúr daoine. Bhí athair Tom Phaddy ar dhuine dena daoine a maraíodh.
Éist anois

Peadar Lamb, scríbhneoir agus aisteoir.

Peadar ag léamh píosa as leabhar Sheáin Ó Conghaile.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal