Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh agus ag ceol freisin.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna Dé Luain 3 Márta 2014

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Mary Joe Uí Chaoimh & Antaine Nellie Mac Giolla Bhán as Acaill.

Labhair Mary Joe ar a hathair Antaine Nellie atá ag ceiliúrtha a lá breithe inniu tá sé dhá bhliain le cois an chéid. Tá sé ag cur faoi anois i dteach altranais an Chroí Ró-Naofa i gCaisleán an Bharraigh áit a raibh ceiliúradh mór dhó inniu.

Éist anois

Peadar Mór Ó Conghaile, as Inis Meáin.

Ag cur síos ar an ualach céarach atá tagtha i dtír i nInis Meáin. Rinne an droch aimsir damáiste don bhóthar síos ag an trá.

Éist anois

Tomás Mac Seáin, as Acaill.

Ag labhairt ar a Uncail Antaine Nellie atá ceiliúradh a bhreith lá inniu dhá bhliain le cois an chéid.

Éist anois

Michael Grahamn, as Luimneach ó dhúchas ach atá ina chónaí i mBoston.

Bíonn sé ag freastal ar Chumann na Gaeilge i mBostún agus tá greannán (comic) curtha le chéile aige "2 Chúl O'Foalaí (2 Goal Foley), tá an greannán dhá theangach.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal