Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Déardaoin 6 Feabhra 2014

Éist anois

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Pádraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4.

Gradam Ceoil TG4 dhá fhógairt inniu i mBaile Átha Cliath. Beidh na gradaim dhá bhronnadh ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach ar an Satharn 12ú Áibreán.

Éist anois

Eoin Mac Donnacha, as Tír an Fhia, Daithí Seoighe, as Cruiminne agus Aoife Mac Donnchadha as an Gleann Mór.

Tá Eoin, Daithí agus Aoife ar thaithí oibre anseo linn i Raidió na Gaeltachta ó Scoil Chuimsítheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua.

Éist anois

Sally Ní Dhroighneáin, as an Spidéal.

Beidh clár nua ag tosnú ar TG4 Dé Domhnaigh seo chugainn "Scór Encore" ainm an chlár agus chuir Sally síos ar an gcinéal clár a bheas ann.

Éist anois

Máirín Sarakaya, as Rath Cairn.

Ag labhairt faoi go mbeidh Katie O'Halloran agus a muintir ag dul do Rath Cairn Dé Satharn seo chuaginn le buíochas a ghlacadh le muintir Rath Cairn as ucht an t-airgead a bhailigh siad ar mhaithe le coiste tacaíocht Katie O'Halloran.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal