Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Máirt 7 Eanáir 2014

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Mike Phoppy (Mícheál Mac Donnchadha)

Ag cur síos ar an drochbhail a d'fhág an drochaimsir agus farraigí arda ar Caladh Chulaim, Trá Huston agus ar cheantar Leitir Mealláin.

Éist anois

John Beag Ó Flatharta.

Ag caint ar an drochbhail atá ar Dhroichead Charraig an Logáin, i gceantar na nOileán.

Éist anois

Joe Steve Ó Neachtain agus Eddie Hutch.

Rugadh an bheirt acu ar an lá ceanna le caipín sonais orthu. Deirtear páiste a thagann ar an saol le caipín sonais air nó uirthi nach mbáthfar iad.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal