Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Céadaoin 11 Nollaig 2013

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Mary Uí Dhubháin, Tismeáin, An Cheathrú Rua.

Tá Mary ag eagrú díolachán earraí dara láimhe in Ionad an Chrompáin ar an gCeathrú Rua Dé Sathairn seo chugainn ón haon ndéag go dtí an trí. Is ar mhaithe le ciste tacaíochta Katie O'Hallaron a bheidh an díolachán seo ar siúl agus tá fáilte roimh earraí ón bpobal.

Éist anois

Amhrán - Bean Pháidín.

Bean Pháidín á chasadh ag Colm Ó Caodháin.

Éist anois

Patsy Chóil Mac Donnchadha, as Leitir Caladh & Joe Pheadair Uí Laoi, as an Aird Thoir, Carna.

Mír na cartlainne - An clár "Gaoth an Fhocail" a chuaigh amach ar an stáisiún seo ar an 13ú Samhain, 1990. Bhí Patsy agus Joe i gcoimhlint lena chéile.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal