Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Déardaoin 5 Nollaig 2013

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

John Beag Ó Flatharta.

Ag labhairt faoin t-amhrán nua a chum Máirín Uí Dhomhnaill faoi fhéin. Sé Bertie Ó Domhnaill a chas an t-amhrán, ainm an t-amhrán ná John Beag.

Éist anois

Catherine Ní Shiúrdáin.

Mhínigh Catherine nach mar a chéile an eagraíocht Irish Heart Foundation agus an eagraíocht CROÍ. Ní thagann pingin ar bith a bhailéatar don eagraíocht Irish Heart Foundation go dtí iarthair na tíre, téann sé uilig go Baile Átha Cliath.

Éist anois

Bríd Seoighe as Ros Muc.

Bhuaigh máthair Bhríd, sin í Bidín Sheáin Dharach as Ros Muc €1,000 ar an gclár Telly Bingo inniu.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal