Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Luain 2 Nollaig 2013

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Séamus Ó Gabháin, iar chomhairleoir Contae as Maigh Cuilinn.

Ag cur síos ar cheiliúradh seasca bliain shéipéal Mhuire gan Smál i Maigh Cuilinn.

Éist anois

Máirtín Tom Lee.

Ag cur síos ar an oíche filíocht atá le bheith in Ionad Pobail Leitir Móir oíche Dé hAoine ar mhaithe le airgead a bhailiú do Chumann Chathaoir Rothaí na hÉireann.

Éist anois

Mary O' Toole, as Cill Chiaráin.

Ag labhairt faoi go bhfuil siad ag tosaigh ag réiteach le haghaidh turas na bliana seo chugainn go Medjugorje.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal