Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Máirt 26 Samhain 2013

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Máire Eilís Ní Fhlatharta, aisteoir as Ros na Rún.

Ag labhairt ar an gceolchoirm a bheas ag aisteoirí Ros na Rún i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta i Eaglais Naomh Nioclás oíche Déardaoin ar mhaithe le airgead a bhailiú do Pieta House.

Éist anois

Mike O' Connor, as Cill Aithnín agus Denis Geoghegan.

Bhí Mike ag cur síos ar na blianta a chaith sé i gConamara ina stiúrthóir bus. Bhí Denis Geoghegan as Gleann Gabhla, Uachtar Ard istigh le Mike agus chas an bheirt acu dhá phíosa ceoil.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal