Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Céadaoin 23 Deireadh Fómhair 2013

Éist anois

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.
Éist anois

Pádraic S. Ó Murchú, ó Turas siar i gCartúr & Arailt Mac Giolla Chainnigh, ó Ghaeltacht Cheanada.

Tá lán bus as Gaeltacht Cheanada ar cuairt ag Turas Siar inniu. Beidh siad ag freastal ar Oireachtas na Samhna i gCill Airne an tseachtain seo chugainn. Chuir Arailt síos ar an turas agus ar an nGaeltacht atá acu i gCeanada.
Éist anois

Emma Ní Shúilleabháin, damhsóir Sean Nóis.

Ag cur síos ar an DVD nua atá curtha ar an margadh aice "STEP BY STEP", is taispeántas damhsa agus steipeanna le damhsa a fhoghlaim atá sa DVD seo.
Éist anois

Mary Uí Chonghaile, as an gCaisleán Gearr nó Mary Mhichil Phádraig as an Trá Bháin ó dhúchas RIP

Mír na Cartlainne - I bpíosa na cartlainne inniu chuala muid cuid don chomhrá a rinne Mary le Maidhc P. Ó Conaola sa mbliain 1975/1976. Bhí sí ag cur síos ar an amhrán a chum sí faoin Trá Bháin agus í thall i Sasana.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal