Ardtráthnóna

14:00 - 15:00 Luan-Déardaoin / Mon -Thurs

Ardtráthnóna Dé Luain 30 Meán Fómhair 2013

Éist anois

Ardtráthnóna

Caint, comhrá agus ceol, curtha i láthair beo ag Máirtín Tom Sheáinín.

Éist anois

Vox Pop, Caomhán Mac Adhastair agus Edel de Paor.

Rinne cailíní Naomh Anna seachtar an taobh éacht Dé Satharn agus craobh na hÉireann bainte amach acu. D'éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Chaisleán Cnucha, Baile Átha Cliath.

Éist anois

Mícheál Ó Cuaig.

Ag cur síos ar an gceolchoirm atá le bheith ar siúl i Ionad Pobail Chill Chiaráin oíche Dé Satharn seo chugainn. Beidh an cheolchoirm ann ar mhaithe le feachtas bailiúchán airgid Kate O'Hallaron.

Cuireann Máirtín Tom Sheáinín an clár cainte agus ceoil seo i láthair. Pléitear ábhair éagsúla ar an gclár ó ghnáthshaol daoine agus scéalta a bhaineann dóibh ar fud an domhain, áthas an tsaoil, tubaistí an tsaoil, seantraidisiúin, béaloideas agus stair áitiúil. Bíonn ceol agus amhráin ar an gclár chomh maith céanna agus aíonna éagsúla le cloisteáil faoi agallamh nó ag ceol.

Máirtín Tom Sheáinín presents this programme featuring conversation, music and song. Various topics discussed range from people's everyday lives to tragic events, joyful events, lore, tradition and superstition. Máirtín's inimitable style has won him a faithful and loyal listenership.

Ardtráthnóna

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú + Léiriú / Presented & Produced: Máirtín Tom Sheáinín

Sceideal Féach sceideal