RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Arán Oráiste agus Aibreoga
Comhábhair
350g / 12 unsa plúir bán aeraithe
110g/4 unsa siúcra mín
150g / 6 unsa aibreoga, gearrtha ina bpíosaí beaga
110g / 4 unsa almóinní, gearrtha ina bpíosaí beaga
2 oráiste, sú agus craiceann san áireamh, grátáilte
60ml / 4 spunóg bhoird d'ola lus na gréine
30ml / 2 spunóg bhoird meala
2 ubh bhuailte
Reoán - iad seo measctha le chéile i mbabhla
150g / 6 unsa siúcra reoáin (icing sugar)
oráiste, sú agus craiceann san áireamh, grátáilte
Modh
Cuir na comhábhair thirime i mbabhla mór. Measc an t-ola, mil, sú oráiste leis an ubh buailte agus doirt an lacht seo isteach i lár an phlúir agus measc go mbeidh meascán deas bog agat. Doirt isteach i stáin ulmhaithe agus bácáil in oigheann atá réamhthéite ag teocht 180C/350F/Gás 4, ar feadh thart ar 40-50 nóiméad.
Nóta: Usáideann mise stáin i bhfoirm fáinne 9.5' X 2' (24cm X 5 cm).
Maisigh leis an reoán nuair atá sé fuar.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






