RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Arán Donn

Comhábhair
350g/12 unsa plúr donn aeraithe
110g/4 unsa plúr bán aeraithe
1 taespúnóg púdar bácála
25g/ 1 unsa bran
25g/1 unsa ginidín cruithneachta (wheat germ)
25g/1 unsa siúcra mín
45ml/3 spúnóg bhoird ola lus na gréine
450ml/ 1.75 pionta bainne úr nó bainne géar

Modh
1. Measc na comhábhair thirime le chéile i mbabhla.
2. Measc an bainne agus an ola le chéile agus doirt isteach i lár an phlúir, measc go maith go mbeidh taos an-bhog agat.
3. Doirt isteach i stáin gréisithe 9"/23 cm X 4.5"/11 cm agus bácáil ar feadh 40-50 nóiméad ag teocht 200C/400F/Gás 6.

Nóta
Muna bhfuil plúr aeraithe agat, measc leath-spúnóg sóid aráin leis an bplúr tirim agus úsáid bainne géar nó bláthach.

Arán Sóid Donn Traidisiúnta

Comhábhair
350g/12 unsa plúr donn
110g/4 unsa plúr bán
leath tae spúnóg sóid aráin
pinse salainn
300ml/leath phionta bainne géar nó bláthach

Modh
1. Measc an dá phlúr, sóid agus salann i mbabhla.
2. Doirt isteach an bainne géar agus measc ón lár amach go mbeidh taos deas teann agat.
3. Iompaigh amach ar chlár plúraithe agus fuinn go héadrom go mbíonn an taos in íochtar deas mín.
4. Iompaigh an taobh mín in uachtar agus déan ciorcal deas thart ar 5cm/2" tiubh. Cuir ar stáin plúraithe agus gearr cros ar a bharr.
5. Bácáil ar feadh thart ar 40-45 nóiméad ag teocht 200C/400F/Gás 6 nó go mbeidh an t-arán éadrom agus crústa deas air.
6. Fuaraigh ar thrádaire sreinge.