RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Arán Cáise

Comhábhair
450g/1 phunt plúr bán aeraithe
110g/4 unsa cáise chrua grátáilte (cheddar)
4 spúnóg bhoird ola lus na gréine
2 ubh buailte
300ml/leath-phionta bainne
1 tae-spúnóg mustard tirim (roghnach)

An Módh
1. Measc an plúr aeraithe agus an cháis le chéile agus an mustard más mian.
2. Buail na huibheacha agus measc leis an ola iad. Déan poll i lár an phlúir, doirt isteach an meascán uibhe agus dóthain bainne chun taos bog a dhéanamh, ró-bhog le láimhseáil.
3. Doirt an meascán isteach i stáin gréisithe 9"/23cm X 4.5"/11 cm.
4. Bácáil in oigheann ag teocht 180C/350F/Gás 4 ar feadh thart ar 50 nóimead.
5. Fuaraigh ar thrádaire sreinge.

Nóta:
Muna bhfuil uait ach builín beag, úsáid leath na gcomhábhair nó úsáid dhá stáin chun bácála.