RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Arán Bananaí
Comhábhair
225g/8 unsa plúir bán aeraithe
75g/3 unsa siúcra mín
75g/3 unsa gallchnó briste beag
2 bhanana mhóra aibí
1 ubh buailte
15ml/1 spúnóg bhoird meala
45ml/3 spúnóg bhoird d'ola lus na gréine nó do rogha ola.
Modh
Brúigh na bananaí i mbabhla mór go mbíonn siad bog agus gan aon chnap iontu.
Cuir na comhábhair eile go léir isteach leo - na lachtaí ar dtús agus ansin an plúr - agus measc go maith nó go mbíonn meascán deas bog agat.
Cuir isteach i stáin ulmhaithe gréisithe 9'/23cm X 4.5'/11cm agus bácáil i lár an oighinn ar feadh 40 - 50 nóiméad ag teocht 180C/350F/Gás 4.
Fág sa stáin ar feadh 5 nóiméad agus ansin cas amach ar thráidire sreinge nó go mbíonn sé fuar.
Nod:
Má chuirtear píosa páipéir ime ar thóin an stáin tá sé níos fusa an t-arán a thógáil as.
- NOW: An Taobh Tuathail
- NEXT: Scoth na hAoine
Súil Siar






