RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Imircigh Thír Chonaill i nGlaschú

Frances Nic Géadaigh
Frances Nic Géadaigh

Tá stair shóisialta Thír Chonaill agus na hAlban fite fuaite ina chéile agus traidisiún láidir imirce idir an dá áit ag dul siar cúpla céad bliain agus le déanaí seoladh scannán faisnéise nua i nGlaschú faoi shaol na n-imirceach as Gaeltacht Thír Chonaill atá ag cur fúthu sa chathair sin, An Tír Úd Thoir. Bhí Frances Nic Géadaigh i láthair ag an seoladh agus Dé Luain 3 Lúnasa cuirfidh sí eagrán speisialta de Bharrscéalta i láthair ina gcloisfear agallaimh a rinne sí leo siúd a bhí i láthair faoina saol i nGlaschú agus faoin tábhacht a bhaineann leis an cheangal leis an bhaile agus leis an Ghaeilge a choimeád agus a chothú.

Éist leis an gclár/Listen to the programme

On Monday 3 August, Barrscéalta will broadcast a very special edition of the programme recorded in Glasgow at the launch of the DVD of the documentary film An Tír Úd Thoir about Donegal emigrants who have made their lives in Glasgow. Frances Nic Géadaigh was at the launch, and there she spoke to people from the three parishes of Gaoth Dobhair, Cloich Cheannfhaola and Na Rossan about their lives in Glasgow and their experiences of arriving into that city as emigrants in the 40s, 50s and 60s.

Dé Luain 3 Lúnasa 11.02 r.n.
Monday 3 August 11.02 a.m.