RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
An Seisiún Acústach
An Seisiún Acústach an teideal atá ar shraith nua cláracha a bhíonn á cur i láthair ag Cathal Ó Cuaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Dé Sathairn. Gach seachtain ar an gclár bíonn ceoltóir nó banna óg de bhunadh na hÉireann faoi agallamh ag Cathal, agus bíonn seisiún acústach ceoil leo le cloisteáil ar an gclár chomh maith.
Is é Fiach, amhránaí ó Bhaile Átha Cliath, a bheidh le cloisteáil ar chlár na seachtaine seo Dé Sathairn 19 Márta. D'eisigh Fiach a chéad albam, So I, anuraidh ar a lipéad féin Marcella Records. Chas sé ar stáitse le go leor ceoltóirí aitheanta le blianta beaga anuas, orthu sin príomhamhránaí na Kinks Ray Davies, Eddi Reader, Mary Black, Damien Dempsey, Bell X1, Sinéad O'Connor, Damien Rice agus Mundy. Bhí amhráin le Fiach le cloisteáil ar na bailiúcháin Ceol a eisíodh do Sheachtain na Gaeilge le blianta anuas chomh maith. Ar chlár na hoíche anocht beidh sé i mbun comhrá le Cathal Ó Cuaig faoina chuid ceoil, agus casfaidh sé cuid den cheol is deireanaí atá scríofa aige.
Féach leathnach idirlín an chláir / See prog webpage
An Seisiún Acústach is a new music series on RTÉ Raidió na Gaeltachta, presented by Cathal Ó Cuaig. The series features one up and coming Irish band every week who will speak to Cathal about their work, and will also play an acoustic session.
This week's programme on Saturday 19 March features young Dublin singer songwriter Fiach. Fiach released his debut album So I on his own Marcella Records label last year. He has played with many Irish and international artists of note, including Kinks frontman Ray Davies, Eddi Reader, Mary Black, Damien Dempsey, Bell X1, Sinéad O'Connor, Damien Rice and Mundy. He has also featured on several of the Ceol compilations for Seachtain na Gaeilge. On tonight's programme he will be talking about his music with Cathal Ó Cuaig and playing an acoustic session.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






