RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm

Roghnaigh do chlár

Anraith

Anraith Leitíse

Comhábhair
Cloigeann mór leitíse, glan, gearrtha go mion
25g / 1 unsa ime
Oinniún mór mionghearrtha
Fata (práta) mór mionghearrtha
600ml / 1 pionta stoic sicín
Piobar agus Salann
150ml / 1/4 pionta bainne, uachtair nó iógairt
Spúnóg mhór de pheirsil mionghearrtha (parsley)

Modh
1. Leáigh an t-im i sáspan agus cócaráil an t-oinniún go mbíonn sé bog.
2. Doirt isteach an lacht, fataí, piobar agus salann.
3. Tug go pointe fiuchta agus ansin suan-bhruith ar feadh thart ar 7 nóiméad nó go mbeidh na fataí bog.
4. Cuir isteach an leitís, measc go maith agus bruith ar feadh 3-4 nóiméad go mbeidh an leitís bog.
5. Leachtaigh le lámh-lachtóir sa sáspan, ansin measc isteach an t-uachtar nó iógart.
6. Craith neart pheirsile ar a bharr agus ith le scónaí úra donn le h-im.

Nóta:
Cuir gairleog mionghearrtha isteach leis an oinniún ag an tús le haghaidh breis folántais.

Anraith Tornapaí

Comhábhair
50 g / 2 unsa ime 2 spúnog bhoird d'ola lus na gréine
1 oinniún mór mionghearrtha
450g / 1 punt tornapaí lomtha agus gearrtha ina bpíosaí beaga
225g / 1/2 phunt fataí (prátaí) lomtha, gearrtha ina bpíosaí beaga
600ml / 1 phionta stoic glasraí nó stoic sicín
piobar agus salann
150ml / 1/4 pionta uachtair nó bainne
1 spúnóg bhoird de pheirsil mionghearrtha

Modh
1. Leáigh an t-im i sáspan mór agus cócaráil an t-oinniún go mbíonn sé bog.
2. Cuir isteach na tornapaí agus na fataí agus measc go maith lei an oinniún go mbíonn snas an ime orthu go léir.
3. Doirt isteach an stoc, measc agus clúdaigh. Suan-bhruith go mbíonn na glasraí bog.
4. Leachtaigh nó criathraigh an t-iomlán, cuir isteach an t-uachtar agus tuilleadh piobair agus salainn más gá.
5. Measc agus téigh an athuair é.
6. Cuir chun boird i mias anraith le braon eile uachtair ar a bharr agus rúinne den pheirsil ar bharr sin arís.