RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
ANOCHT fm 5 bliana ar an aer
Is ar 2 Bealtaine 2005 a cuireadh tús le ANOCHT fm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta - seirbhís nua dírithe ar an óige a mbeadh cead liricí Béarla a chraoladh air. Ba é Blister in the Sun le The Violent Femmes an chéad amhrán Béarla a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an lá sin, agus tá ANOCHT fm ag dul ó neart go neart ó shin i leith. Is iad na cláracha a bhíonn ar ANOCHT fm Siar is Aniar le SBB, An Ghealach Ghorm agus Duan Domhnaigh le hÁine Hensey, Tequila Tíre le Josie Ó Cualáin, An Caifé Ceoil leis na láithreoirí nua Colman Seoighe agus Síle Ní Scanláin, agus dár ndóigh An Taobh Tuathail le Cian Ó Cíobháin, a bheidh 11 bliain ar an aer ar 1 Bealtaine.
Tá An Ghealach Ghorm le hÁine Hensey ar cheann de na cláracha a bhí mar chuid de sceideal ANOCHT fm ón tús. Ceol tíre a chastar ar an gclár le leithéidí Van Morrison, Christy Moore, Bob Dillon, Karen Casey agus Joni Mitchell, agus ar 1 Bealtaine ag 9.00 p.m. cuirfidh Áine eagrán speisialta den chlár i láthair a mbeidh an ceol is mó a raibh tóir ag éisteoirí air le 5 bliana anuas le cloisteáil ann. Ansin Dé Máirt agus Dé Céadaoin 4 agus 5 Bealtaine beidh an bheirt láithreoirí óga Síle Ní Scanláin agus Colman Seoighe sa chathaoir ar an gclár An Caifé Ceoil agus iad ag caitheamh súil siar ar chúig bliana d'ANOCHT fm. Beidh neart ceoil ón bhliain 2005 á chasadh acu, chomh maith le píosaí ón gceolchoirm mhór a bhí ann ar an gcéad oíche den tseirbhís, agus beidh siad ag caint le Seán Ó hÉanaigh agus Rónán Mac Aodha Bhuí faoi mar a thosaigh ANOCHT fm.
Tá An Taobh Tuathail ar cheann de na cláracha eile a bhí mar chuid d'ANOCHT fm ón tús, agus beidh an clár sin 11 bliain ar an aer ar 1 Bealtaine. Tá an-spéis ag láithreoir an chláir Cian Ó Cíobháin i gceol an ghrúpa Joy Division agus beidh clár speisialta aige i mí na Bealtaine dírithe ar an ngrúpa sin. Ba ar 18 Bealtaine 1980 a chuir Ian Curtis - amhránaí an ghrúpa ó Mhanchain - lámh ina bhás féin. Cé nach raibh an grúpa ag cumadh ceoil ach ar feadh seal trí bliana, d'fhág a gcuid amhrán lorg gan chomparáid ar chraoltóir An Taobh Tuathail. Ó chuir sé aithne ar a gcuid ceoil, i samhradh na bliana 1991, tá sé go mór faoi gheasa acu. Éist le ATT, ar an 18 Bealtaine, áit a bheidh saothar agus tionchar Joy Division á gceiliúradh ar ANOCHT.
ANOCHT fm, the dedicated service on RTÉ Raidió na Gaeltachta that broadcasts from 9pm-1am every night, is celebrating its 5th birthday on 2 May. The service allowed English lyrics to be broadcast on the station for the first time, and the first English song played was Blister in the Sun by The Violent Femmes, as voted by the listeners.
An Ghealach Ghorm, the folk music programme presented by Áine Hensey on Saturday nights featuring music from artists such as Van Morrison, Christy Moore, Bob Dillon, Karen Casey and Joni Mitchell, has been part of the ANOCHT fm schedule from the start and on 1 May the programme will mark the 5th birthday with a show packed with the music most popular with listeners since the show began. On Tuesday 4 May, An Caifé Ceoil, a new programme in the ANOCHT fm schedule since January, will take a look back at the last 5 years. Young presenters Síle Ní Scanláin and Colman Seoighe, both from Connemara, will talk to some of the presenters of the early ANOCHT fm programmes, and listen back to the excitement of that first night way back on 2 May 2005.
Cian Ó Cíobháin's underground music programme An Taobh Tuathail has been on the air for almost 11 years, and has been part of the ANOCHT fm schedule from the very start. On 18 May Cian will have a special edition of the programme marking the 30th anniversary of the suicide of Ian Curtis, the lead singer of cult Manchester band Joy Division. Though together for three short years, the songs that Joy Division left behind made more of an impression on Cian than pretty much anything else in the rock canon. Ever since discovering their music, in the summer of 1991, the presenter has been infatuated with their work. Tune in to An Taobh Tuathail, on 18th May, when all roads lead to Manchester 1977-1980.
- NOW: Scoth na Seachtaine
- NEXT: Béal Maidine
Súil Siar






