An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé hAoine 25 Iúil 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 25ú Iúil 2014.

Edel Luibhéad: Oíche Garth Brooks á h-eagrú i dTigh Chorráin sa Daingean. Liam Suipéal: An Coinigéar sa Rinn. Seán Mac Gearailt: Gaelscoil nua sa cheantar? Midi de Paor Breathnach: Feirm muilte gaoithe. Micheál Ó Coileáin: Brú ar sheirbhísí brúscair an chontae. Feargal Ó Sé: Lá eolais ag Teagasc.

Éist anois

Edel Luibhéad.

Tá oíche speisialta Garth Brooks á h-eagrú i dTigh Chorráin sa Daingean Dé Domhnaigh ar mhaithe le hOispidéal Pobail Chorca Dhuibhne agus do sheirbhísí cúram maolaithe sa chontae.

Éist anois

Liam Suipéal, Bainisteoir Choláiste na Rinne go bhfuil cur amach ar leith aige ar an gCoinigéar sa Rinn.

Tá airgead ceadaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun obair chosanta cósta a dhéanamh ar an gCoinigéar.

Éist anois

Seán Mac Gearailt, Príomhoide Ghaelscoil de hÍde i Mainistir Fhearmaí.

Tá an-bhrú spáis sa scoil agus idirbheartaíocht ar bun ag iarraidh teacht ar shuíomh Ghaelscoil nua.

Éist anois

Midi de Paor Breathnach.

Rith sí sa toghchán áitiúil le déanaí agus cúrsaí fuinnimhe go láidir ar an gclár aici. Tá sí buartha anois faoi iarratas atá curtha isteach ag lorg cead pleanála thall san Eaglais d'fheirm muilte gaoithe.

Éist anois

Micheál Ó Coileáin, Oifigeach Timpeallachta Chomhairle Chontae Chiarraí.

Tá brú mór anois ar sheirbhísí brúscair sa chontae agus sa chúige toisc Muing na Mionnán iata go buan.

Éist anois

Feargal Ó Sé.

Lá eolais ag Teagasc ar a fheirm caorach in Ard a' Bhóthair, Ceann Trá Dé Máirt. Bíonn sé ag plá le pórú reathaí Texel le caoire Scotch.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal