An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Máirt 15 Iúil 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

An Saol Ó Dheas: Dé Máirt 15ú Iúil 2014.

An Sáirsint Noel de Búrca: Roinnt eachtraí gadaíochta á bhfiosrú acu. Aoife Grainbhéil: Scoil Samhraidh Willie Clancy. Niamh Ní Dhuibhir: Titeann duine as gach seisear mhic léinn amach as a gcúrsa ollscoile sa chéad bhliain. Brian de Staic: Féile Scannán an Daingin. Micheál Ó Luasa: Féile an tSamhraidh.

Éist anois

An Sáirsint Noel de Búrca, leis an nGarda Síochána sa Daingean.

Tá roinnt eachtraí gadaíochta ó láithreacha turasóireachta á bhfiosrú na laetheanta seo acu.

Éist anois

Aoife Grainbhéil.

Bhí sí i láthair ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach le gairid. Ball de Dhreoilín Shráid Eoin, Muiris Ó Rócháin, RIP, a bhunaigh an Scoil Samhraidh.

Éist anois

Niamh Ní Dhuibhir, Múinteoir Gairmthreorach i bPobalscoil Shliabh Luachra agus urlabhraí le Múinteoirí Gairm threoir Éireann i gCiarraí.

Léiríonn suirbhé ón Údarás um Ard-oideachais go dtiteann duine as gach seisear mhic léinn amach as a gcúrsa ollscoile sa chéad bhliain.

Éist anois

Brian de Staic, duine de stiúrthóirí Fhéile Scannán an Daingin.

Beidh aitheantas á thabhairt ag an bhféile don aisteoir Laura Dern amárach. Tá gradam Gregory Peck le bronnadh uirthi in Ionad an Bhlascaoid.

Éist anois

Micheál Ó Luasa, bainisteoir Ráschúrsa Chill Áirne.

Cuireadh tús tráthnóna inné le Féile an tSamhraidh ar an ráschúrsa agus leanfaidh sí go dtí tráthnóna Déardaoin.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal