An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé hAoine 11 Iúil 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 11ú Iúil 2014.

Seamus Cosaí Mac Gearailt: Oispidéal Pobail CD. Elaine Ní Shé: Rally Gluaisteáin. Bríd Órla Feirtéar: Rugbaí Tag. Micheál Ó Cinnéide: Comhar Chreidmheasa CD. Bearnard Mac Brádaigh: Féile Chuisle. Micheál de Mordha: Tráth na gCeist. Diarmuid Ó Donnabháin: CLG Chorcaí. Tomás Ó hAiniféin: Féile John Egan.

Éist anois

Séamus Cosaí Mac Gearailt.

Tá dearbhú fachta ón FSS aige féin agus Breandán Ó Grifín TD, nach gciallaíonn an úsáid bhreise atá le baint as chuid de Oispidéal Pobail Chorca Dhuibhne, go mbeidh bac ann feasta breis leapacha a oscailt san áit.

Éist anois

Elaine Ní Shé.

Bean an Chlocháin Dubh go bhfuil an-spéis go deo aici i rally gluaisteáin. Bíonn sí páirteach i gcuid maith rallies ar fud na tíre.

Éist anois

Bríd Orla Feirtéar.

Bean Chom Dhineol atá ag glacadh páirt i gcomórtas idirnáisiúnta tag rugbaí Pig 'n Porter i Luimneach inniu. An fhéile tag rugbaí is mó ar domhan.

Éist anois

Micheál Ó Cinnéide, bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne.

Tá bolscaireacht ar bun na leathanta seo acu ar na hiasachtaí atá á dtairiscint acu do mhic léinn ollscoile.

Éist anois

Bearnard Mac Brádaigh.

Beidh féile Chuisle Chorca Dhuibhne ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine sa Daingean.

Éist anois

Diarmuid Ó Donnabháin, Riarthóir sinsireach le Coiste CLG Chorcaí.

An cluiche deireanach ar Pháirc Uí Chaoimh Dé Domhnaigh. Cúrsaí sábháilteachta agus slándála dulta thar fóir innti an Domhnach seo caite?

Éist anois

Micheál de Mordha.

Tráth na gCeist Foirne - 'Ar M'Fhocal' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Sproicdháta 10am maidin Dé Luain seo chugainn.

Éist anois

Tomás Ó hAiniféin, Cathaoirleach fhéile peile John Egan.

Tá an fhéile ar siúl ag ceithre ionad difriúil i gCiarraí ó mhaidin. Leanfar leis an bhféile amárach.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal