An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Luain 7 Iúil 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

An Saol Ó Dheas: Dé Luain 7ú Iúil 2014.

Micheál Ó Muircheartaigh, Jimmy Ó Bambaire agus Liam Ó Rócháin: Cúrsaí spóirt. Seán Ó Catháin agus Seanchán Mac Gearailt: Rothaíocht Mhór Chuaird Chiarraí. Damien Finn: Féile Samhraidh Chaisleán Uí Ghriaire. Caoimhín Ó Sé: Leabhar Hitler Miaow. Isabel Bennett: Aitheantas eatramhach na Comhairle Oidhreachta.

Éist anois

Cúrsaí spóirt an deireadh seachtaine.

Micheál Ó Muircheartaigh: Bhí sé i bPáirc Uí Chaoimh do chluiche Corcaigh agus Ciarraí. Jimmy Ó Bambaire, Cathaoirleach CLG an Daingin: An-lá don chumann inné le oiread imreoirí óga ag buachaint a gcéad craobh mionúir i gCúige Mumhan. Liam Ó Rócháin, Cathaoirleach Bhord Láir Choiste na nÓg Chiarraí: Imreoirí Chorca Dhuibhne ag déanamh go diail.

Éist anois

Seán Ó Catháin agus Seanchán Mac Gearailt.

Bhíodar beirt páirteach i rothaíocht Mhór Chuaird Chiarraí Dé Sathairn.

Éist anois

Damien Finn.

Cur síos ar Fhéile Samhraidh Chaisleán Uí Ghriaire agus leath-mharatón atá le bheith sa dúthaigh, Rith Bá Bhréanainn.

Éist anois

Caoimhín Ó Sé.

Cur síos ar an leabhar Hitler Miaow de chuid a athar, Maidhc Dainín, agus mar ar seoladh ag Féile an Fhéir i gCeanannas Mór i rith an deireadh seachtaine é.

Éist anois

Isabel Bennett, Coimeádaí iarsmalainne le hOidhreacht Chorca Dhuibhne.

Bronnadh aitheantas eatramhach na Comhairle Oidhreachta ar Mhusaem Chorca Dhuibhne ar an mBuailtín le déanaí.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal