An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Déardaoin 3 Iúil 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Éist anois

An Saol Ó Dheas - 3ú Iúil 2014.

Cabrini de Barra: An RIA, an Ghníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha. Seán Ó hArgáin: Éirí as an Aire Oideachais, Ruairí Quinn. Johnny Mac Uidhir: Lá Neamhspléachais Mheiriceá. Felicity Hayes McCoy: Cad atá ar na bioráin aici na laethanta seo? Tomás Ó Cinnéide: Campa Samhraidh CLG. Niamh Ní Bhaoill: Campa Samhraidh Rugair.
Éist anois

Cabrini de Barra.

Thug sí tamall ag obair leis an RIA, an Ghníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha. Léiríonn a dtuarascáil bhliantúil 2013 go bhfuil dhá dtrian des na heachtranaigh atá ins na h-ionaid soláthair díreach buailte fúthu iontu le trí bliana nó níos mó.
Éist anois

Seán Ó hArgáin, Príomhoide bunscoile i gCill Chainnigh agus Iar-chomhairleoir de chuid an Lucht Oibre.

Éirí as an Aire Oideachais, Ruairí Quinn inné. An tAire féin agus na leasaithe a dhein sé sa réimse.
Éist anois

Johnny Mac Uidhir, Uachtarán Chumann Turasóireachta agus Tráchtála Chill Airne.

Beidh ceiliúradh mór amárach ar an mbaile mara mbeidh Lá Neamhspléachais Mheiriceá á chomóradh acu. Cé rian a fhág na Meiriceánaigh ar an mbaile agus cén tábhacht atá leis an turasóir ó Mheiriceá inniu? Óstán Aghadoe Heights díolta.
Éist anois

Felicity Hayes McCoy, Údar agus bean feasa atá bailithe fuithi i Londain agus i mBaile Uí Bhoithín.

Cad atá ar na bioráin na laethanta seo aici?
Éist anois

Campaí Spóirt an tSamhraidh.

Tomás Ó Cinnéide: Beidh campa Samhraidh á reachtáil ag CLG na Gaeltachta an tseachtain seo chugainn 7-11ú Iúil. Niamh Ní Bhaoill, OCP Chumann Rugair Chorca Duibhne: Beidh a gCampa Samhraidh acu siúd an tseachtain sar gcionn, 14-18ú Iúil.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal