An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Máirt 1 Iúil 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

An Saol Ó Dheas: Dé Máirt 1ú Iúil 2014.

Seán Ó Ceallaigh: Táillí Fánaíochta na bhfón póca. Seán Ó Cróinín: Réimeas cánach na gcomhlachtaí iompair. Eoin Ó Duigneáin: Ceol Chorca Dhuibhne. Tiarnán de hÁl: Seoladh leabhair nua Mhaidhc Dainín Uí Shé. Micheál Ó Coileáin: Borradh ar líon na gcnádán ar leithinis Chorca Dhuibhne. John Reidy: Féile cheoil Phádraig Uí Chaoimh.

Éist anois

Seán Ó Ceallaigh, Feisire Eorpach.

Tá laghdú le teacht ón lá inniu ar thaillí fánaíochta na bhfón póca ins an Eoraip. Bhí sé féin ar choiste tionscail an Chomhaontais Eorpaigh a bhí ag iarraidh na táillí a ísliú. Tá an chéad seisiún den Pharlaimint nua Eorpach ar siúl i Strasbourg inniu.

Éist anois

Seán Ó Cróinín, Comh-stiúrthóir an chomhlachta iompair Kelcro ó Bhaile Mhúirne.

Beidh tuarascáil á fhoilsiú go luath a mholfaidh athraithe a d'fhéadfaí a dhéanamh sa réimeas cánach do chomhlachtaí iompair.

Éist anois

Eoin Ó Duigneáin.

Cur síos ar cheol i gCorca Dhuibhne agus ar an sraith ceolchoirmeacha a bhíonn ar siúl i rith an tSamhraidh i Séipéal San Séamus aige.

Éist anois

Tiarnán de hÁl.

Déanfar leabhar nua Mhaidhc Dainín Uí Shé, Hitler Miaow, a sheoladh i gCeanannas Mór, ag an bhféile litríochta an Hay Festival. tráthnóna Dé Sathairn ag 6 a chlog.

Éist anois

Micheál Ó Coileáin, Oifigeach Timpeallachta Chomhairle Chontae Chiarraí.

Tá borradh tagtha ar líon na gcnádán ar leithinis Chorca Dhuibhne agus Uibh Ráthaigh.

Éist anois

John Reidy, duine de lucht eagraithe fhéile cheoil Phádraig Uí Chaoimh i gceantar Shliabh Luachra.

Seolfar dhá ghné nua de chosán ceoil Shliabh Luachra tráthnóna.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal