An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Déardaoin 19 Meitheamh 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

An Saol Ó Dheas: Déardaoin 19ú Meitheamh 2014.

Micheál Ó Móráin, Tom Ó Súilleabháin, Seán Ó Muircheartaigh, Seán Ó Laoithe: Comharchumann Uan Chiarraí. An Cllr. Séamus Cosaí Mac Gearailt: Áis Spraoi. Tadhg Ó Dubhshláine: Anamlón Bliana - Ó dhialanna an Riordánaigh. Diarmuid Ó Dálaigh: Géarchéim i ndán do thithe altranais. Tomás Ó hAiniféin: Comórtas John Egan.

Éist anois

Micheál Ó Móráin, Tom Ó Súilleabháin, Seán Ó Muircheartaigh, Seán Ó Laoithe.

Ceathrar go bhfuil baint le fada acu le Comharchumann Uan Chiarraí. Tá an Comharchumann ag comóradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus beidh ócáid cheiliúrtha san áit seachtain ón lá inniu.

Éist anois

An Comhairleoir Condae Séamus Cosaí Mac Gearailt.

Cathaoirleach choiste Áis Spraoi go ndiúltaíodh cead pleanála le déanaí dóibh. Deineadh amhlaidh don ionad súgartha a bhí beartaithe i gCaisleán Uí Ghriaire.

Éist anois

Tadhg Ó Dubhshláine, Corcaíoch agus léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Is é Tadhg an t-eagarthóir ar bhailiúchán nua 'Anamlón Bliana - ó dhialanna an Riordánaigh' atá le seoladh i Halla na Cathrach seachtain ón lá inniu.

Éist anois

Diarmuid Ó Dálaigh, Úinéir Tí Altranais Oaklodge in Oirthear Chorcaí.

Dúirt ionadaithe na dtithe altranais leis an rialtas inné go bhfuil géarchéim i ndán dóibh muna ngníomhóidh an rialtas anois.

Éist anois

Tomás Ó hAiniféin, Cathaoirleach Choiste Chomórtais John Egan.

Seoladh an Comórtas i gCill Airne tráthnóna inné.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Runaway Bunion
    Cumadóir: Phil Coulter
    Ceoltóir(í): Phil Coulter
    Ceoltóir(í): Phil Coulter
    Albaim: Pye, 7n17219
    Faid: 2:00

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal