An Saol Ó Dheas

An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

saolodheas@rte.ie

An Saol ó Dheas Dé Céadaoin 18 Meitheamh 2014

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.

The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

An Saol Ó Dheas - 18ú Meitheamh 2014.

Aoife Ní Shéaghdha: Saineolaí pleanála teangan. Cathal Ó Riada: Seomra nua á oscailt sa scoil. Seán Óg Ó Duinnín: Cead pleanála fachta le páirce uile aimsire a fhorbairt ag an scoil. Naoise de Bhaldraithe: Mac léinn Fulbright. Kate Ní Bhriain: Féile Ascot. Niamh Ní Dhrisceoil: Ghlac sí pictiúirí d'ainmhí na seolta i gCuan Inbhir i gCléire.

Aoife Ní Shéaghdha, Saineolaí pleanála teangan.

Scéala na seachtaine seo faoi 6 fhógra bheith foilsithe faoi Acht na Gaeltachta 2012 maidir leis na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Tá Gaeltacht na nDéise agus Ciarraí Theas áirithe i measc na limistéir.

Cathal Ó Riada, Príomhoide Scoile Náisiúnta Chúil Aodha.

Tá seomra ranga nua á oscailt sa scoil inniu acu.

Seán Óg Ó Duinnín, Príomhoide Scoil Mhuire Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

Tá cead pleanála fachta chun dul chun cinn le forbairt pháirce uile aimsire láimhe leis an scoil ach táthar ag feitheamh ar scéal ón gclár caipitil spóirt féachaint arbh fhéidir é a mhaoiniú.

Naoise de Bhaldraithe, mac léinn Fulbright in Ollscoil Montana.

Ó Achadh Úr i gcontae Chill Chainnigh ó dhúchas é, bhunaigh sé cumann iomána san Ollscoil thall. B'iad foireann na hOllscoile a bhuaigh comórtas idir-ollscoile na Stáit Aontaithe le déanaí.

Kate Ní Bhrian, Marcach agus Giolla capaill ó Ghallaras Baile na nGall.

Tá an capall go mbíonn sí ag tindeáil air, Gordon Lord Byron, le bheith san iomaíocht ag Féile Acot atá tosnaith inné.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

saolodheas@rte.ie

+353 66 915 5114

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís