An Saol ó Dheas Dé Máirt 17 Meitheamh 2014
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Danny Mac an tSíthigh: Cósta na Briotáine bainte amach aige agus an criú. Micheál Ó Críodáin: Cad atá ar siúl i margadh na n-óstán na laethanta seo? Seáinín Mac Eoin: Tús curtha tráthnóna inniu leis an moltóireacht d'Fhéile an Phráta 2014. Breandán Mac Gearailt: Agallamh faoin tréadlia Vin Ó hUallacháin a cailleadh le déanaí.
Tá cósta na Briotáine bainte amach aige agus criú naomhóige Naomh Gobnait aige níor éirigh leo an Mhuir nIocht a chur dóibh sa tslí a theastaigh uathu.
Cad atá ar siúl i margadh na n-óstán na laethanta seo? Taibhsítear do dhaoine go bhfuil borradh tagtha ar dhíolachán óstáin san Iar-dheisceart ó thús na bliana seo.
Tá tús á chur tráthnóna inniu leis an moltóireacht d'Fhéile an Phráta 2014. Féile í seo a thosnaigh i mBaile na nGall roinnt blianta ó shín agus beidh craobh na bliana seo ar bhun i dTigh TP ar an nDomhnach an 29ú Meitheamh.
Bhí an-aithne aige féin agus ag feirmeoirí Chorca Dhuibhne ar Vin Ó hUallacháin a bhí ina thréadlia i gCorca Dhuibhne ar feadh 53 bliain agus a cailleadh le déanaí.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Pádraig Ó Sé & meitheal Bhaile na nGall