An Saol Ó Dheas

An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

saolodheas@rte.ie

An Saol ó Dheas Dé Luain 16 Meitheamh 2014

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.

The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

An Saol Ó Dheas: Dé Luain 16ú Meitheamh 2014.

An Saol Ó Dheas: Dé Luain 16ú Meitheamh 2014.

Mícheál Ó Muircheartaigh: Cluichí Oilimpeacha Speisialta. Máire Treasa Uí Shé: Féile na Mara ar siúl sa Daingean. An Dr. Neil Buttimer: Todhchaí teagaisc na Gaeilge faoi Fhoras um Árdoideachais. Áine Uí Laoithe: Teacht abhaile Shane Finn. Cathal Ó Conaill: Stiúrthóir an Chomhlachta Paddywagon.

Michéal Ó Muircheartaigh.

Michéal Ó Muircheartaigh.

Súil siar ar imeachtaí Spóirt an deireadh seachtaine. É i láthair ag na Cluichí Oilimpeacha Speisialta i Luimneach.

Máire Treasa Uí Shé.

Máire Treasa Uí Shé.

Beidh Féile na Mara ar siúl sa Daingean seara fada (26ú go 28ú Meitheamh) agus tá comórtas Griangrafadóireachta á rith mar chuid dó.

An Dr. Neil Buttimer, Léachtóir i Roinn na Nua Ghaolainne in Ollscoil Chorcaí.

An Dr. Neil Buttimer, Léachtóir i Roinn na Nua Ghaolainne in Ollscoil Chorcaí.

D'fhoilsigh An Foras um Árdoideachais a thuairisc don phleanáil um Árdoideachais d'earnáil an 3ú leibhéal do 2016 an tseachain seo chaite. Imní ar cá sheasann na hEalaíona laistigh don phlean seo go mór mhór an Ghaeilge.

Áine Uí Laoithe i láthair ag teacht abhaile an reathaí Shane Finn ar an Satharn.

Áine Uí Laoithe i láthair ag teacht abhaile an reathaí Shane Finn ar an Satharn.

Teacht abhaile Shane Finn tar éis dhá Mharatón déag a rith i dhá lá dhéag ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Daingean ar mhaithe leis an eagraíocht Spina Bifida na hÉireann.

Cathal Ó Conaill, Stiúrthóir an chomhlachta Paddywagon agus DayToursWorld.com.

Cathal Ó Conaill, Stiúrthóir an chomhlachta Paddywagon agus DayToursWorld.com.

Cad atá le féachaint ó thaobh na seirbhíse turasóireachta an Samhradh seo?

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

saolodheas@rte.ie

+353 66 915 5114

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís