An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Céadaoin 4 Meitheamh 2014

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

Danny Mac a' tSíthigh.

Ar an 23ú Bealtaine a thosaigh sé féin & triúir eile criú ar a n-aistear farraige ó Abhainn na Life go Santiago de Compostela. Táid i Padstow ar chósta Chorn Shasana faoi láthair.

Éist anois

Muintir Chiarraí ar thuras bolscaireachta sna Stáit Aontaithe.

Séamus Cosaí Mac Gearailt: É fillte abhaile tar éis a thuras bolscaireachta ar na Stáit Aontaithe ag iarradh áiteanna eile seachas na gnáth-ionaid turasóireachta i gCiarraí a fhorbairt. Mícheál Ó Laighin, Fear gnó i nDairbhre: Bhí sé thall ag iarradh aitheantas domhanda a bhaint amach do Dhairbre mar láthair oidhreachta UNESCO do Dhairbhre.

Éist anois

An Canónach Tomás Ó Luanaigh.

Thug sé caint le déanaí ar bheirt fhile Thuath Ó Siosta, Diarmuid na Bolgaí Ó Sé agus Murtaí Learaí Ó Súilleabháin.

Éist anois

Micheál Ó Coileáin, Oifigeach Timpeallachta le Comhairle Chontae Chiarraí.

Bratacha Glasa á mbronnadh ar scoileanna sa chontae na laethanta seo. Cad faoi na bratacha gorma dos na trá-anna a fógraíodh inniu?

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

Ábhar a casadh ar an gClár

  • Teideal: Runaway Bunion
    Cumadóir: Phil Coulter
    Ceoltóir(í): Phil Coulter
    Ceoltóir(í): Phil Coulter
    Albaim: Pye, 7n17219
    Faid: 2:00

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal