An Saol Ó Dheas

An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

saolodheas@rte.ie

An Saol ó Dheas Dé hAoine 29 Samhain 2013

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.

The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile Bhuirne inniu, áit a mbeidh Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin ar siúl.

Eilís Ní Shúilleabháin, Rachel Ní Riada agus Máire Ní Shúilleabháin Donnelly.

Cuir síos ar a bhfuil beartaithe do Éigse Dhiarmuidín Uí Shúilleabháin a bhéas ar siúl an deire seachtaine seo.

Eibhlín Ní Laoire agus Mary Uí Chonchubhair.

Beirt Bhall de bhanna píob Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Tá leabhar le seoladh istoíche amáireach le cur síos ar stair an bhanna féin.

Breandán Ó Lionaird, Príomhoide Choláiste Ghobnatan i mBaile Mhúirne.

Córas teasa na scoile a uasghrádú. Tacaíocht faighte ó Eirtricity don chúram. Foireann iomána na scoile ag déanamh dul chun cinn agus gaisce Christina Ní Dheasúna sa dornálaíocht.

Áine Ní Chuill, Rúnaí an Chomhlachais Náisiúnta Drámaíochta agus ball d'Aisteoirí Chúil Aodha.

Tá leabhar nua dar teideal 'Drámaí ó Thobar Mhúscraí' bunaithe ar shaothair scéalaíochta an scríobhnóra Conchubhar Ó Deasúna ó Bhaile Mhic Íre foilsithe ag an gComhlachas.

Mícheál Ó Ceallaigh, Ball de Choiste Áras Éamonn Mac Suibhne.

Cur síos ar an obair athchóirithe atá déanta i mbliana ar an Áras.

Conal Ó Gráda, Bunaitheoir Bhanna Fliúit Loch a Bhogaigh.

Tá sé páirteach i dtaispeántas Mag Mell atá ar camchuairt na laethanta seo. Baineadh geit mhór as níos luaithe i mbliana nuair ab éigean dó dul faoin scian de bharr faidhbe leis an gcroí.

Bernadette Ní Choitir.

Taispeántas "Ag Suil leis an Solas" le hEalaíontóirí Mhúscraí, ar siúl san Ionad Cultúrtha go dtí 16ú Nollaig.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís