An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Máirt 26 Samhain 2013

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

Peadar Ó Riada.

Ag labhairt faoi go mbeidh ceolchoirm ag an ngrúpa Triúr i Halla na Feothanaí anocht.

Éist anois

Liadh Ní Riada.

Tá Liadh mar iarrthóir do Shinn Féin sa Deisceart do thoghchán na hEorpa an bhliain seo chughainn. Bhí teacht le chéile ag mná Shinn Féin i mBaile Mhúirne le déanaí maidir le conas ab fhearr a d'fhéadfaí iad féin a chur in iúl ins na meáin chumarsáide.

Éist anois

Jeaic Ó Muircheartaigh, Boscó Ó Conchúir & Cornie Ó Beaglaoích.

Tarrac eile le déanamh do Chrannchur Halla na Feothanaí.

Éist anois

Pacáiste ó chomóradh Lae Chaitlíona.

Pacáiste ó chomóradh Lae Chaitlíona i bparóiste Fionntrá inné. Pádraig Firtéar, Breandán Ó Cíobháin, Han Uí Mhurchú, Phil Uí Shé, Máirín Uí Ghrifín, Treasa de hÓra, Caitlín Uí Chatháin, Noel Ó Cíobháin & an Canónach Tomás Ó Luanaigh.

Éist anois

Nuala de Mórdha - Snámhaí ón Daingean.

Ag labhairt faoi go bhfuil ainmniúchán fachta aici do ghradam WOWSA, gradaim idirnáisiúnta dóibh siúd a shnámhann ar na farraigí oscailte.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal