An Saol ó Dheas Déardaoin 5 Meán Fómhair 2013
Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.
The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.
Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Mícheál Ó Drisleáin - Conascadh idir Erie PA agus Dún Garbhán; Séamus Mac Gearailt,Eoin Warner ithe an tSamhraidh; Ali O Riada - Tógaint tí. Diarmaid Ó Drisceoil - Féile Scéalaíochta Chléire.
Conascadh idir Erie PA agus baile Dhún Garbhán agus an buntáiste atá le baint as...chomh maith le trácht ar scéim nua taistil atá curtha i bhfeidhm i nDún Garbhán.
Díoladh luach 2milliún euro d'ispíní sa tír seo le linn an bhrothail...Búistéir is é Séamus sa Daingean agus is stiúraitheoir miondíola i Butlers Pantry i mBaile Átha Cliath é Eoin..cad a bhí le feiscint acu siúd?
Tá Ali ag tógaint tí i gCúil Aodha fé láthair,agus ní mór dá leithéidí atá le fáil sa dúthaigh seo...bhfuil éinne sásta cabhrú leis?...tabhair cluais le h-éisteacht don agallamh fíor spéisiuil seo.
Féile Scéalaíochta Chléire ar bun an deireadh seachtaine seo chughainn, agus beidh Diarmaid, fear inste scéil i lár an aonaigh.
saolodheas@rte.ie
+353 66 915 5114
51553
80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.
Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Pádraig Ó Sé & meitheal Bhaile na nGall