An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Luain 8 Iúil 2013

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

Mícheál Ó Muircheartaigh.

Súil siar ar chluichí CLG an deire seachtaine. Craobh Peile na Mumhan buaite ag Ciarraí don 75ú babhta. Baile Átha Cliath ag buachtaint craobh iomána Laighean don gcéad uair le 52 bliain agus Cill Chainnigh fós sa chraobh taréis buachtaint ar Thiobraid Árann Dé Sathairn.

Éist anois

Máirín Uí Laoithe agus Máirín Ní Bhroin.

Tá dréacht-chlár de Cheiliúradh na bliana seo sa bhFómhar ullamh anois. Saibhreas agus Dán na Teanga an téama a bheidh i mbliana.

Éist anois

Mícheál Ó Coileáin, Oifigeach Forbartha Gaeilge le Feidhmeannacht na Seirbhíse sláinte i gCorcaigh.

Tá Ionad Géarchúraim le hOscailt inniu in Óispidéal Pobail Bheanntraí.

Éist anois

Mícheál Mac Giolla Choda.

Fear na mbeach 's na meala i gcontae Thiobraid Árann. Aimsir mheala í seo ach tá slad déanta ag Geimhreadh cruaidh ar líon na mbeacha sa tír, is cosúil.

Éist anois

Risteard Ó Fuaráin, Oifigeach Forbartha na Mumhan le hÓgras.

Seacht gcampa Samhraidh le reáchtáil i mbliana acu, ag tosnú sa Ghleann inniu.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal