An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

An Saol ó Dheas Dé Luain 1 Iúil 2013

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.

Éist anois

Mícheál Ó Muircheartaigh.

Súil siar ar chluichí CLG an deire seachtaine. Bua Bhaile Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcraobh iomána Laighean. Baile Átha Cliath agus an Mhí a bheas le chéile sa pheil. Bua stairiúil ag peileadóirí Londain.

Éist anois

Pacáiste ó Chomórtas an Phráta.

Pacáiste ó Chomórtas an Phráta a bhí ar siúl i gcaitheamh an deire seachtaine. Pat Ó Nialagáin; Aoi-chainteoir; Risteárd Mac Eoin, Brenda Ní Shúilleabháin, Eilín Ní Chearna, Máire Ní Chinnéide, Breandán Ó Conchúir & Máire Uí Chíobháin - moltóirí; Fionán Ó hÓgáin, Seán Jim Pheig Ó Muircheartaigh, Tomás Ó Curráin, Jim Bill Ó Cathalláin & Mícheál Boxcar Ó Sé - Iomaitheoirí; Pat Ó Súilleabháin, Baile Reó - lucht féachana; Aengus Ó Murchú - fógairt na mbuaiteoirí; Noel Ó Néill - buaiteoir an Chomórtais 2013; TP Ó Conchúir- fear an tí.
Páidí Mhárthain Mac Gearailt- Amhrán

Éist anois

Brian Budhlaeir, Leas Bhainisteoir Ginearálta, Carton House.

Bhí Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann ar bun i gcaitheamh an deire seachtaine ag Carton House.

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.


The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

Súil Siar

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal