An Leithinis

An Leithinis

18:30 - 19:00 Dé Sath / Sat

rnag@rte.ie

An Leithinis Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair 2013

An Leithinis

Sraith de chláracha ar stair agus ar sheanchas leithinis an Mhuirthead in iar-thuaisceart Mhaigh Eo. Léiriú é seo de chuid Katcom.

Sraith sé cinn de chláracha ar stair agus ar sheanchas leithinis an Mhuirthead in iar-thuaisceart Mhaigh Eo.  Tugann an staraí áitiúil Pádraig S. Ó Murchú ar cuairt muid ar fud na leithinse.  Cuireann muid aithne ar na Tiarnaí Talún a bhíodh sa cheantar, go h-áirithe an Tiarna Bingham a bhfuil baile ar an leithinis ainmnithe ina dhiaidh; ar an iascaireacht liamhán a bhíodh in Inis Gé agus ar an bhFód Dubh; ar an dtionscail mór easpórtála cloch eibhir ón leithinis agus ar ndóigh ar Inis Gé agus ar thárla de phobal an oileáin tar éis an bháitheadh tubaisteach a tharla ansin i 1927.

Is é Seán Ó Héalaí, an craoltoir is mó a bhfuil taifead déanta aige i nGaeltachtaí Mhaigh Eo, a chuirfidh an clár i láthair.
Is é Tomás Mac Con Iomaire an léiritheoir.

Léiriú é seo de chuid Katcom le cabhair ón scéim Fuaim agus Fís, Údarás Craolacháin na hÉireann.
 

A six programme series about the history and folklore of the Mullet Peninsula in Mayo presented by Seán Ó Héalaí. Local historian Pádraig S. Ó Murchú will be our guide, bringing us on a tour of the Peninsula.

The series has been produced by Katcom funded by the BAI Sound and Vision Scheme.

Twitter

Facebook

Sonraí teagmhála

+353 91 506677

51553

80889 ó Thuaisceart Éireann. Cuir RNAG ag tús na teachtaireachta.

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís