An Cóipleabhar Feasa

13:32 - 14:00 Dé Luain / Mon

An Cóipleabhar Feasa Dé Luain 11 Lúnasa 2014

Éist anois

An Cóipleabhar Feasa

Sraith faoi Bhailiúchán na Scol, a bailíodh le linn na scoilbhliana 1937-1938.

Sraith faoi Bhailiúchán na Scol, á cur i láthair le Mícheál Holmes.

Bhunaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann scéim béaloidis sna 1930í, ceann de na scéimeanna bailithe béaloidis is mó a cuireadh sa tsiúl ariamh. Iarradh ar suas le 100,000 páiste scoile ábhar a bhain le béaloideas agus stair áitiúil a bhailiú ina gceantair féin. Scríobh na páistí gach rud go néata i gcóipleabhair agus tá fáil ar an ábhar seo i gcónaí i gcartlann Chnuasach Bhealoideas Éireann i gColáiste na hOllscoile BÁC. Meastar go bhfuil os cionn leath mhilliún leathanach ann. Ar chuid den ábhar a bailíodh, bhí stairsheanchas, eolas ar sheaniarsmaí, seanscéalta agus finscéalta, tomhaiseanna agus seanfhocail, cluichí agus caitheamh aimsire, modhanna oibre agus ceirdeanna.

Sa tsraith seo cloisfimid saineolaithe, daoine a bhí ag bailiú fadó, múinteoirí agus páistí scoile na haoise seo atá ag baint úsáid as an ábhar atá sa bhailiúchán.

Léirithe le maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann.
 

A series about the Schools’ Manuscript Collection, a scheme initiated by the Irish Folklore Commission in the 1930s to gather folklore material from school children all over the country. It was possibly the largest single folklore collecting scheme ever undertaken. Over a period of 18 months some 100,000 primary school children in Ireland were encouraged to collect material in their communities about local tradition and history.

In the series we will hear a description from experts about the contents of the collection, we will hear from some of those who collected material as children, and learn about some of the ways the collection is still being used in schools today.

This programme has been funded by the BAI's Sound and Vision scheme.

An Cóipleabhar Feasa

Clár is deireanaí

Súil Siar

Láithriú & Léiriú / Presented & Produced: Mícheál Holmes

Sceideal Féach sceideal