RTÉ Raidió na Gaeltachta 92-94fm
Agallaimh ón Ard-Chathair
Podchraoladh / Podcast
Ar siúl\When: Dé Domhnaigh, 1.10pm \ Sunday, 1.10pm
Athchraoladh\Repeat: Dé Sathairn @ 10am \ Saturday, 10am
Sraith agallamh le ceoltóirí, ealaíontóirí agus pearsana éagsúla. Ar na haíonna a bhí faoi agallamh ar an gclár go dtí seo, bhí Colm Ó Snodaigh, Cathal Ó Háinle, Anna Heussaff agus an Monsignor Breandán Ó Doibhlin.
Clár na seachtaine seo: Tom MacIntyre faoi agallamh
Dé Domhnaigh 14 Meán Fómhair
Rugadh an scríbhneoir Tom Mac Intyre i gCo. an Chabháin agus chaith sé tréimhsí ag múineadh i gColáiste Choill Chluana Gabhann, in Ollscoil Mhichigan agus i gColáiste Williams sular thosaigh sé ag scríobh go lánaimseartha sa bhliain 1965. Scríobhann sé i mBéarla agus i nGaeilge agus tá drámaí, filíocht agus gearrscéalta scríofa aige. Ó na luathseachtóidí i leith, tá a chuid drámaí á léiriú i mBaile Átha Cliath, i Londain agus i bPáras. Bhuaigh a dhráma, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, Duais Stewart Parker i 1999, agus bronnadh an Irish Times/ESB Irish Theatre Best New Play Award air i 2002 don dráma The Gallant John Joe. D'fhoilsigh New Island cnuasach gearrscéalta leis, Find The Lady, i mí Iúil 2008. Tá sé ina bhall d'Aosdána agus tá cónaí air i gCo. an Chabháin.
Beidh Tom faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin agus é ag caint faoi na foinsí as a dtagann a chuid scríbhinn agus tionchar na scéalaíochta ar a shaol.
Éist leis an gclár \ Listen to the Show
Cláracha 2007 anseo / 2007 programmes here
Clárach Ean - Meith 2008 anseo / Programmes from Jan - June 2008 here
- NOW: Ríleanna agus Téipeanna
- NEXT: Príomhscéalta na Nuachta
Súil Siar




